31 Lúnasa 2009

greanta i gcloch



Cloch í seo a fuarthas i gCluain Tuaiscirt (Cloontuskert), Co. Ros Comáin. Tá an íomhá seo an-chosúil leis an gcros ar an lia sa teachtairecht cros aisteach, ach amháin go bhfuil an “ceann” i bhfad níos casta, le cruth menorah air.



Taitníonn an lia seo go mór liom toisc go leanann an scríbhinn “grua” nádúrtha na cloiche. Is maith liom sruth orgánach na litreacha.

6 comments:

  1. Hi Dennis,
    Tá leabhar agam "Vikings, the North Atlantic Saga" leis an Smithsonian agus tá a lán picitúr ann. Tá pictiúr de "Follower of Odin" agus adharca lúbtha ar a cheann; tá dhá shleá i lámh amháin agus claíomh i lámh eile. Tá an dealbhaín seo i musaeum na staire i Stockholm, ach ní raibh mé in ann pictiúr de a aimsiú ar an idilíon. "Cast bronze; 2.8 cm; Viking age Ekhammar, Uppland, Sweden" a deir sé.

    Ach seo pictiúr suimiúil ón 17ú céad de réir Wikipedia, gan na hadharca lúbtha--

    http://en.wikipedia.org/wiki/File:Odin_riding_Sleipnir.jpg

    B'fhéidir go bhfuil meascán creidimh sa lia seo -- an Chríostaíocht agus creideamh na Lochlannach. Bhí sé coitianta cros de Chríost is casúr d'Odin a chur in uaimh in éineacht leis an gcorp sa Mheánaois i gCríoch Lochlann -- an dá thaobh a thabhairt leat.

    ReplyDelete
  2. Tá an rud atá i láimh Odin sa phictiúr sin -- a chasúr? -- an-chosúil le trasnán na croise ar lia Bhaile an tSagairt agus leis an trasnán ar an gcloch ó Chluain Tuaiscirt. Is léir -- domsa ar aon nós -- go bhfuil gaol acu ar a chéile... gaol i bhfad amach ar a laghad.

    Go raibh maith agat as an bpictiúr sin a aimsiú!

    ReplyDelete
  3. Gabhaigí mo leithscéal. Bhí casúr ag Thor, Dia tábhachtach eile; thug Odin an casúr dó. Bhí sleá ag Odin. Níl a fhios agam cad é an rud atá i lámh Odin sa phictiúr.

    ReplyDelete
  4. Tá rudaí atá fíorspéisiúil agus fíorálainn á n-aimsiú agat, a Dennis. Sonas ort. Feictear dom gur leis an Oghaim - agus leis na comharthaí greanta, dá dtuigfimis iad - a thosaíonn an litríocht seo againne.

    ReplyDelete
  5. Shamhlóinn tintreach le Thor freisin, ach cá bhfios. Tá cuma tintrí air cinnte.

    Is cinnte go bhfuil an iliomad nasc idir dán agus dánta na Lochlannach agus na Gaeil.

    ReplyDelete