05 Lúnasa 2009

Thaitin dualaíocht leo freisin.



Creidtear go forleathan na laethanta seo gur rud echt-Cheilteach (nó Gaelach nó Éireannach) í an dualaíocht. Celtic interlace a thugtar air go minic. Ní in Éirinn a thosaigh an cineál seo ornáide, áfach. Rinneadh an píosa seo san Eoraip, ach i bhfad ó Éirinn agus i bhfad ó shin.

Quiz: Cén aibítir í seo?

6 comments:

  1. Tá an chuma air gur an aibítir Ghlagolach (Glagolitic) atá ann - réamhtheachta na haibítre Coireallaí (Cyrillic). An bhfuil an ceart agam?

    ReplyDelete
  2. Tá.

    Ón gCodex Zographensis, a scríobhadh tuairim is míle bliain ó shin, atá an pictiúr seo.

    ReplyDelete
  3. Is é d'eolas do dhuais, i mo thuairim...:)

    ReplyDelete
  4. Cén aois atá Codex Zographensis?
    Chuamar go "Viking Ship Museum" in Oslo dhá bhliain ó shin agus chonaiceamar dualaíocht ar na longanna a rinneadh sa 9ú céad.

    Seo pictiúir daoibh:
    http://www2.khm.uio.no/vikingskipshuset/dyrehodestolpene_eng.php

    http://richard-schooler.net/2001/Norway/Img_0428.jpg

    Tá go leor leor samplaí de dhualaíocht san Iorua míle bliain ó shin. Ar tháinig an dualaíocht ó Éirinn go dtí an Iorua? Nó ón Iorua go hÉirinn??

    ReplyDelete
  5. Tá an Codex Zographensis beagán níos óige ná a bhfuil ar an mbád Oseberg, ach ar chomhaois lena lán eile ó Chríoch Lochlann. Féach:

    http://en.wikipedia.org/wiki/Codex_Zographensis

    Maidir le bunús agus scaipeadh na dualaíochta -- gan trácht ar éabhlóid na stíle seo -- ní mise an duine len é sin a mhíniú, faraor. B'fhéidir gur cheart duit an cheist sin a chur ar an liosta OIL. Tá alt leis an teideal "Celtic Knot" ar Wikipedia.

    ReplyDelete