tag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post7514954435060347561..comments2024-03-17T19:17:27.086-07:00Comments on Nótaí Imill: an fhíor-íomhá?Dennis Kinghttp://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comBlogger7125tag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-26112279641581373952009-08-27T10:36:05.770-07:002009-08-27T10:36:05.770-07:00Frontispiece go díreach. Bíodh is go bhfeicim gur ...Frontispiece go díreach. Bíodh is go bhfeicim gur 'tulmhaisiú' atá ag Niall Ó Dónaill. An rud is éasca dom é a scanadh agus a chur ar an mblag seo agam féin - bí ag faire amach dó.
Maidir leis an roghnú pictiúr a rinne mé, bhí oiread sin díomá orm leis na pictiúir a bhí ar fáil, chomh míchruinn is a bhí siad, gur roghnaigh mé an ceann b'éagsúla liom díobh ar fad.Cailliomachashttps://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-35007760227029838592009-08-27T09:48:19.052-07:002009-08-27T09:48:19.052-07:00tulphictiúr = frontispiece ?
An féidir leat an pi...tulphictiúr = frontispiece ?

An féidir leat an pictiúr iomlán den bheirt sin ag comhrá a scanadh dúinn?

Maidir le do chuid portráidí éagsúla, tá mé díreach tar éis súil a chaitheamh orthu ar Íomhánna Google. Conas a thogh tú an ceann atá agat ar do bhlag?Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-35732719292771458952009-08-27T09:20:13.214-07:002009-08-27T09:20:13.214-07:00Is breá liom Eriugena an £5 - maol ó bheith ag fog...Is breá liom Eriugena an £5 - maol ó bheith ag foghlaim Gréigise, beagáinín cosúil le Brian Ó Nualáin, agus brat Gaelach air in éadan fuacht na mór-roinne. Tá an ceann a d'aimsigh Aonghus an-fhíneálta. Bhain mé cóip den chéad imleabhar den Periphyseon anuas den tseilf agus feicim go bhfuil sé mar thulphictiúr ansin - Theodorus éigin in aice leis agus iad ag comhrá. Is as lámhscríbhinn i bPáras í: Bibliotheque nationale lat. 6734. Deir Dermot Morgan go bhfuil go leor pictiúr álainn sa lámhscríbhinn agus ó na dátaí a luann sé leis an téacs (1125-30) is cosúil go mbaineann sí leis an 13ú haois.
Ach ná labhair liom faoi phicitúir ar buille faoi thuairim iad. Féach ar mo phictiúr féin.Cailliomachashttps://www.blogger.com/profile/05537386285993218088noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-91730370484348203962009-08-27T09:06:36.984-07:002009-08-27T09:06:36.984-07:00Is dócha gur portráid de Dhuns Scotus atá ar an le...Is dócha gur portráid de Dhuns Scotus atá ar an leathanach sin. Proinsiasach a bhí ann, a bhí beo cúpla céad tar éis Eriugena. Aibíd dhonn de chuid an O.F.M. atá ar an bhfear sin, mura bhfuil dul amú orm.Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-5295997301583240692009-08-27T08:46:15.385-07:002009-08-27T08:46:15.385-07:00tá íomhá éagsúil ar fad ar an leathanach seo!
htt...tá íomhá éagsúil ar fad ar an leathanach seo!

http://www.christianuniversalist.org/articles/history.html#middleages

Tugtar "Scotch Irish" air, mar sin ní shílim gur foinse mhaith éDubhaltachhttps://www.blogger.com/profile/14936368194542405646noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-80677385523578945472009-08-27T07:45:45.929-07:002009-08-27T07:45:45.929-07:00Mo cheol thú! Is fíormhaith liom an phortráid sin...Mo cheol thú! Is fíormhaith liom an phortráid sin, a Aonghuis, an dreach atá air go háirithe: a shúile agus cruth a bhéil. Is léir ó na ceannaithe sin gurbh fhear é nach "suffered fools gladly".Dennis Kinghttps://www.blogger.com/profile/16257272622416604133noreply@blogger.comtag:blogger.com,1999:blog-7043693717184698663.post-45000529368644326372009-08-27T07:19:41.692-07:002009-08-27T07:19:41.692-07:00Fuair google an ceann seo:
http://www.hs-augsburg....Fuair google an ceann seo:
http://www.hs-augsburg.de/~harsch/Chronologia/Lspost09/Eriugena/eri_intr.html

Samhlóinn é sin a bheith níos giorra dá ré.

Ach cá bhfios. Buille faoi thuairim iad ar fad.aonghushttps://www.blogger.com/profile/17809657304269246594noreply@blogger.com