31 Lúnasa 2009

greanta i gcloch



Cloch í seo a fuarthas i gCluain Tuaiscirt (Cloontuskert), Co. Ros Comáin. Tá an íomhá seo an-chosúil leis an gcros ar an lia sa teachtairecht cros aisteach, ach amháin go bhfuil an “ceann” i bhfad níos casta, le cruth menorah air.



Taitníonn an lia seo go mór liom toisc go leanann an scríbhinn “grua” nádúrtha na cloiche. Is maith liom sruth orgánach na litreacha.

30 Lúnasa 2009

cros aisteach


Tá an chros seo greanta ar lia atá in luí i seanreilig i mBaile an tSagairt i gCo. Chiarraí. Tá dhá inscríbhinn oghaim air freisin. Is neamhghnách an lia é seo toisc go bhfuil beirt “úinéirí” luaite air.

TRIA MAQA MAILAGNI || CURCITTI

Is le triúr mhac Mhaoláin an lia seo.
Is le Cuircthe an lia seo.



Ach is é an rud is mó a tharraing mo shúil air ná an chros. Tá ceithre ghéag inti ar nós chuile chrois eile. Ach céard go díreach a fheiceann muid ag ceann na ngéaga? An duine atá ann, stick figure ina sheasamh le dhá lámh móra? Éan le sciatháin leata agus eireaball tríchleiteach? Colm? Cuireann an íomhá seo petroglyphs ó Mheiriceá Thuaidh -- de dhaoine agus d'éanacha -- i gcuimhne dom.

29 Lúnasa 2009

téacsáil is tionóiscí bóthair



Is ionann tiomáiní atá ag téacsáil agus tiomáiní ólta de réir an dlí in Utah anois. Mharaigh an fear thuas beirt fhear i gcarr eile le linn dó a bheith ag téacsáil. Cuireadh dlí nua i bhfeidhm i Mí Bealtaine a ghearrann píonós trom ar aon téacsálaí atá taobh thiar den roth stiúrtha nuair a bhuaileann a charr le carr eile, píonós chomh trom leis an gceann a ghearrtar ar thiománaí ólta: suas le cúig bliana déag i bpríosún. Is mithid é!

28 Lúnasa 2009

an ghaoth



GÁETH

pailéagrafaíocht



Do Liz, agus do na mílte daoine eile (hah!) a bhfuil suim acu i bpailéagrafaíocht na Gaeilge, atá an teachtaireacht seo tiomnaithe.

Céard a fheiceann muid anseo? An litir ‘l’ agus an litir ‘d’ agus rud éigin eatarthu a bhfuil trí mhinim ann. An litir ‘w’? Ach níorbh ann don litir sin riamh sa teanga seo. Tá go maith, ‘ui’ nó ‘iu’ mar sin? Tá leid againn sna serifs. Bíonn ding sách mór ag ceann gach litreach a thosaíonn le stríoc ingearach. Sa chás seo, ní féidir ‘ui’ a léamh toisc nach bhfuil ding mar sin ag ceann an tríú minime. Is é sin le rá, ní féidir leis an tríú minim a sheasamh leis féin mar litir.

27 Lúnasa 2009

“milleadh” de réir Chormaic


Seachtain ó shin thug mé an líne seo as an “Luireach Klosterneuburg” daoibh:

náram·gonat fir, náram·millet mná

Nár ghoine fir mé, nár mhille mná mé!

D'fhiafraigh Áine sa nóta a d'fhág sí:

“Cé acu is measa, a fheara - an ghoin nó an milleadh?!”

Chuir an cheist sin ag smaoineamh mé. Céard go díreach a bhí ar intinn acu ag an am sin nuair a rinne siad tagairt do “mhilleadh” sa chomhthéacs seo? Bhí mórán an chiall chéanna leis an bhfocal míle bliain ó shin agus atá leis inniu. Ach is cosúil go raibh ciall bhreise leis freisin, .i. saghas mallacht nó draíocht. Tá an chiall sin le feiceáil san iontráil seo in Sanas Cormaic:


858. Milliud quasi mī-ṡilliud .i. drochṡilliud.

I bhfocail eile, tháinig “milleadh” ón ainmfhocal “silleadh” (= amharc) móide an réimír “mí-”, dar le Cormac. B'ionann "millleadh" sa chás áirithe seo agus drochshúil nó mallacht a thabhairt ar dhuine.

leabhar atá á léamh agam



“On the door for the toilets, some joker had painted Tir na bOg in crude white letters.”

- ó chaibidil a sé, Crossing Fäerie Minor, san úrscéal fantaisíochta The Dragons of Babel le Michael Swanwick. Is fearr liom i bhfad sci fi ná fantaisíocht de ghnáth, ach is eisceacht é Swanwick -- agus scríobhann sé ficsean eolaíochta chomh maith: The Bones of the Earth, mar shampla. Pé scéal é, sílilm go bhfuil full marks tuillte aige as an litriú sa jóc thuas, le b beag agus O mór.

Eriugena ina steilibheatha



Tá mé buíoch d'Aonghus as an bportráid seo de Sheán Scotus Eriugena a aimsiú ar an idirlíon. Tháinig sí as an lámhscríbhinn Lat. 6734 i Leabharlann Náisiúnta na Fraince, cóip de Clavis Physicae, leabhar a chuir Honorius Augustodunensis le chéile as sliochta ó théacsanna le Seán Scotus é féin.

Is dóigh liom go bhfuil an íomhá seo i bhfad níos fearr ná an dá cheann eile. Tá fear éirimiúil le feiceáil sna ceannaithe seo, fear nach mbeadh leisce dá laghad air ciúta a chaitheamh le rí.

Tá níos mó faoi seo, agus an pictiúr iomlán le feiceáil, anseo, a bhuí le Cailliomachas.

26 Lúnasa 2009

an fhíor-íomhá?


Cén chosúlacht a bhí ar Eriugena dáiríre? Níl a fhios agam cér tharraing an chéad phortráid seo, an ceann a bhí ar an nóta bainc.


An ceann eile seo a foilsíodh in A Social History of Ancient Ireland sa bhliain 1903, is é Sir George Petrie (1789 - 1866) a tharraing é ó íomhá a bhí os cionn dhoras an phroinntí i mBrasenose College, Oxford:


Bheadh ionadh orm dá mbeadh Johannes Scotus Eriugena le feiceáil i gceachtar de na híomhánna seo dáiríre. An cheist atá agam, áfach, ná cé acu ceann atá níos giorra do spiorad an duine agus do ghnás na haoise ina raibh sé beo?

Cad a dhealaíonn...?


25 Lúnasa 2009

“tabula tantum” arís


Mar a dúirt mé i dteachtaireacht eile cúpla lá ó shin...

Lá amháin d'fhiafraigh an Rí Séarlas Maol den scoláire Éireannach Seán Eriugena agus iad ag ól le chéile, “Céard a dhealaíonn sot (pótaire) ó Scot (Éireannach)? “Leithead an bhoird,” a dúirt Seán leis an rí, gan leisce ar bith.


Ceist agam oraibh anois...

Céard a dhealaíonn ceoltóir ó óltóir?

23 Lúnasa 2009

aistriúchán an táibléid



Seo agaibh arís an táibléad a bhí mar léaráid i dteachtaireacht eile ar an mblag seo arú inné. Thogh mé an pictiúr seo ó Íomhánna Google, gan aird agam ach ar a shoiléire a bhí sé. Thaispeáin mé ina dhiaidh sin do mo chara Dan Foxvog, atá ina scoláire Suiméirise. Mhínigh sé dom gur téacs riaracháin é seo ón tríú ríshliocht d'Ur, timpeall is 4,000 bliain d'aois. Thug sé an trascríobh agus an t-aistriúchán seo a leanas dom. Is féidir na huimhreacha 4, 7, 25 agus 3 a aimsiú ann gan dua, an focal "ma-na" atá le feiceáil ann faoi thrí, etc.











4 (wool) cloths/garments for children, combed(?)
their weight is 12 ⅓ minas
7 woven head cloths
their weight is 25 minas
[...] woven
their weight is 3 minas

22 Lúnasa 2009

“Tabula tantum.”



An cuimhin libh an blagadán seo a bhíodh ar an nóta £5? Níl a fhios agam cá bhfuair siad an pictiúr nó cé a tharraing é (agus sin scéal eile le fiosrú), ach is é Johannes Scot(t)us Eriugena é mo dhuine. Rugadh Seán an Scot (i.e. an t-Éireannach) thart faoin mbliain 815 ... in Éirinn, ar ndóigh. Is ionann Eriu-gena agus Éire-ginte. Fuair sé post i gcúirt Shéarlais Mhaoil (Charles the Bald) sa bhliain 845 mar a thuill sé an-chlú ar fud na hEorpa mar scoláire, mar fhealsamh, agus mar aistritheoir théacsanna Gréigise (scil nach raibh ach ag fíorbheagán daoine ag an am sin). Fear gasta greannmhar a bhí ann freisin. Deirtear go raibh seisean agus an rí ag ól le chéile lá amháin mar ba nós leo.

D'fhiafraigh an rí: “Quid distat inter sottum et Scottum?”

“Tabula tantum,” a d'fhreagair Seán.

“Céard a dhealaíonn pótaire (sot) ó Éireannach (Scot)?”

“An bord, sin an méid.”

21 Lúnasa 2009

“nós” de réir Chormaic



Ní ar an iris atá an spotsolas anseo, áfach, ach ar an bhfocal féin, focal atá sa teanga le fada an lá. Tá seanfhocal againn a deir: Ná déan nós agus ná bris nós. Ach tig le naonúr nós a dhéanamh de réir Sanas Cormaic (ca. 900), más iad an naonúr ceart, agus is é sin bunús an fhocail. (Tá sanasaíocht eile in LEIA, ar ndóigh.)

970. Nós .i. nóe-fis .i. fis nōnbuir .i. trī rīgh, trī suid, trī hespaic, .i. sui litri 7 sui filidechta 7 sui bérlai fēine, 7 robādar uile ag dēnam ind tSenchusa Māir.

Nós,
is é sin: naoi-fhios,
is é sin: fios naonúir,
is é sin: trí rí, trí saoi, trí easpag,
is é sin: saoi litreacha (= eaglaiseach léannta)
saoi filíochta (ard-ollamh scoil filíochta)
agus saoi béarla féine (= breitheamh)
agus bhí siad uile ag déanamh an tSeanchais Mhóir (cnuasach an-tábhachtach de théacsanna dlí).

“I bhfad uainn an drochrud!”



Is cosúil nach bhfuil aon Ghaeilge ar apotropaic, ach is é sin an aidiacht a thoghfainn leis an bpíosa seo a mhíniú. Is claí é, déanta as focail, fite go dlúth, cuid de lúireach Shean-Ghaeilge:

náram·gonat fir, náram·millet mná

Nár ghoine fir mé, nár mhille mná mé!


Dála an scéil, cuireann na stríoca seo táibléad dingchruthach i gcuimhne domsa:


20 Lúnasa 2009

“Oifrind fo thrí cech úair...”



Seo dán a chum Marion Gunn le déanaí:

Domhnach na Cruaiche 2009-07-26

Aifreann gach fiche neomat
ar mhullach tais na Cruaiche;
fiche míle duine ag dul ann.

Séard a fheiceann sibh sa phictiúr thuas ná an chéad líne den dán seo aistrithe go Sean-Ghaeilge agus scríofa in ogham:

OIFRIND FO THRI CECH UAIR

Níl mé iomlán sásta leis an iarracht , ach ó d'iarr Marion orm é a scríobh, seo agaibh é.

"Muileann cerdcha..."






Seo rann eile ón Leabhar Breac. Tá an scríbhinn soiléir, murab ionann agus an bhrí... domsa ar aon nós.

Muileann cerdcha all fheda,
teach cen urchaill traig mara;
comrad indluith tria muine,
do duine cid dochana.

Tá an rann iomlán anseo le haghaidh lucht Old-Irish-L. Tá súil agam go mbeidh siad in ann cuidiú linn.

16 Lúnasa 2009

leabhragán: an tsanasaíocht



“Cás leabhar” is ciall le “leabhragán” anois, ach is cosúil nach ndéantaí aon idirdhealú ar “leabhragán” agus “leabharlann” cúpla céad bliain ó shin: a lán leabhar san áit chéanna. Chuir an iarmhír -agán an t-ainm Íosagán i gcuimhne dom, agus luaigh Proinsias an focal “doireagán”. “Íosa beag” agus “doire beag” an chiall atá leis na focail seo. Cheap cara liom atá ina bhall den liosta Old-Irish-L, David Stifter ó Ollscoil Vín, cheap seisean gurb í an iarmhír chéanna atá le feiceáil san fhocal “leabhragán” freisin, bíodh is go bhfuil sé deacair an chéim -- nó an léim! -- ó “leabhar beag” go “a lán leabhar” a mhíniú.

Tá míniú eile agam anois. Níl a fhios agam fós an bhfuil an ceart agam, ach seo é. Thosaigh mé leis an bhfocal “duibheagán” (abyss), focal eile a chríochnaíonn leis an iarmhír -agán de réir dealraimh. Ach ní mar a shíltear a bhítear i gcónaí, go háirithe i gcúrsaí sanasaíochta! Deir an foclóir sanasaíochta Lexique étymologique de l'irlandais ancien (LEIA) gur comhfhocal atá ann: dubh + aigéan = an-aigéan nó deep ocean = duibheagán . Luíonn an míniú sin le réasún. Anois, má thainig “duibheagán” ó “dubh + aigéan”, céard faoi “leabhar + aigéan” (book-ocean / ocean of books) mar bhunús an fhocail “leabhragán”? Nach bhfuil ciall leis sin freisin?

le scéal a chríochnú i gceart



Séard atá sa leabhar seo ná aistriúchán le léaráidí de pikva, scéal faoi chruthú an domhain, de chuid na ndaoine Karuk in iarthuaisceart Chalifornia. Tá sé i mBéarla ar fad, ach amháin an focal deireanach, kupanakanakana. Focal ársa é seo a úsáidtear i gcónaí le pikva a chríochnú.

Bhíodh “deilín” níos faide ná sin in úsáid sa sean-am. Seo leagan de ón seanchaí Margaret Harrie. An teangeolaí Jørgen Uldall a bhreac síos é thart faoin mbliain 1930. Tá grianghraf de Harrie thíos.

Kupánakanakana!
Cheemyâach ik ishyâat imshiríhraavish.
Náyaavheesh ik.
Cheemyâach ik ataychúkinach i'uunúpraveesh.
Náyaavheesh ik.
Nanivási vúra veekináyaach.

Kupánakanakana!
Drithligh, a bhradáin an earraigh, suas an abhainn.
Deifrigh chugam.
Drithligh, a lile ghorm, as an talamh.
Deifrigh chugam.
Tá mo dhromlach an-díreach.

Ní deilín gan chiall é seo. Bhíodh sé ina riail dhocht i measc na nIndiach ar fud Mheiriceá Thuaidh gan scéalta a ríomh ach amháin sa gheimhreadh. [Ceist: an raibh nós mar sin ann riamh i measc na nGael?] Chreid na Karuk go dtiocfadh an t-earrach -- agus na bradáin agus bia úr na talún -- níos sciobtha dá n-insídís a lán scéalta. Agus chreid siad go dtiocfadh cruit ar dhroim an scéalaí dá n-inseofaí an scéal go mícheart!



Is minic a chríochnaíonn -- nó a chríochnaíodh -- scéalta i nGaeilge mar seo:

Sin é mo scéal.
Sin é mo scéal anois daoibh.
Sin é mo scéal agus má tá bréag ann, bíodh.
Sin é mo scéal agus más bréag uaim é, ba bhréag chugam é, ní mise a chum ná a cheap.

Ach seo críoch i bhfad níos casta a chuir seanchaí Albanach leis an scéal An Ceatharnach Caol-Riabhach :

Is dhealaich mise riutha; is thug iad dhomh ìm air eibhleig is brochan càil air creileig, is brògan paipeir, is chuir iad air falbh mi le peileir gunna mhóir air rathad mór gloine gus an d'fhàg iad am sheasamh a stigh an seo mi.

Agus seo cúpla críoch an-chosúil leis sin ó dheisceart na Stát Aontaithe:

'Bout that time I stepped on a piece of tin, and it bent, and I skated on away from there. (Sara Hall)

And it was raining, and I had on my paper suit, and I made a short cut home as quick as I could. (J. D. Suggs)

An bhfuil nathanna mar sin cloiste agaibh i nGaeilge na hÉireann?

An seanchaí Bríd Costello

14 Lúnasa 2009

post??



Gaeilge:

postúil = mórchúiseach (An Foclóir Beag); self-important, conceited (FGB)

.i. “fonnadóir Francach ó Pháras postúil na bhfichidí” mar a dúirt ár gcara Tadhg

Spáinnis:

postín = Presunción afectada o sin fundamento (Real Academia Española); showiness, boastfulness (Webster's New World Concise Spanish Dictionary)
de postín = lujoso, distinguido; posh

.i. “una tienda de postín” (siopa ardnósach)

Ceist agam oraibh: an de thaisme atá “post” sa dá fhocal “mórchúiseacha” seo?

13 Lúnasa 2009

la cueillette des brimbelles



Rugadh is tógadh mo chara Max sna Vosges. Tá sé ar ais “sa bhaile” ar feadh cúpla seachtain anois. Nós sean-bhunaithe ag na Parisiens an chathair a thréigean i Mí Lúnasa, tá's agaibh. Fuair mé an ghrianghraf seo uaidh ar maidin leis an teideal “cueilette des brimbelles”, focail a chiallaíonn “cnuasach na bhfraochán”. Is focal canúnach é brimbelle. Myrtille a deirtear i bhFraincis chaighdeánach, ach amháin abhus anseo i Meiriceá Thuaidh mar a deirtear bluet. Sin é an focal Québecois a fheictear ar na pacáistí. Fásann a lán LÁN fraocháin sna bólaí seo agus théann cuid acu go Ceanada. Bíonn na lipéid dátheangach de ghnáth dá bhrí sin. (Bíonn lipéid thrítheangacha ar a lán rudaí eile -- pacáistí scriúnna cuir i gcás -- a théann go Ceanada agus go Meicsiceo.)

Bashed Neeps



An bhfuil banna ceoil darb ainm “The Bashed Neeps” ann ar chor ar bith? Ba mhór an peaca é gan ainm chomh breá sin a úsáid. Dá mbeadh féith an cheoil ionam, chuirfinn banna ar bun le go mbeadh an t-ainm sin air!

Dála an scéil, cuireann m'easpa tallainne i gcúrsaí ceoil an t-amhrán seo i gcuimhne dom.

A Mhuire 's a Rí á rá ag Pádraigín Ní Uallacháin:

A Mhuire 's a Rí gan orm na méara
bhuailfeadh port ar phíobaí ceoil
bhuailfinn port aoibhinn an taobh seo den tír
nár chuala sibh riamh a leithéid go fóill.

12 Lúnasa 2009

suas sa spéir ag úrnaí



D'eitil leathchéad misteach agus raibithe eile os cionn Israel Dé Máirt, ag úrnaí go dian leis an víreas H1N1 a chloí sa tír sin. Bhain siad úsáid as adharcanna i measc rudaí eile lena n-aidhm a chur i gcrích. אױ װײ.

cait sa chistin



... in anlann béarnaise.

10 Lúnasa 2009

“Down to the River to Pray”


Leagan a hAon:


Leagan a Dó:

Nuair chaidh mi sìos dhan an abhainn an-dé,
‘g ùrnaigh ‘s a’ foghlam facal Dhé,
Is có a dhleasas crùn nan seud,
Mhic Dhé, stiùir mi nad cheum.

O, pheathraichean, rachamaid sìos,
rachamaid sios, thugnamaid sìos;
O, pheathraichean, rachamaid sìos,
dh’ùrnaigh san abhainn le cheil’.


Cliceáil ar an gcéad líne agus ansin ar an gcnaipe ar an gcéad leathanach eile le sampla den amhrán seo a chloisteáil.

Celtic mystique



Dúirt mé go mbeadh níos mó le rá agam maidir leis na focail Ghaeilge a chuala mé sa scannán G.I. Joe inné. Mar is iondúil i scannán mar seo, bíonn bad guy fuarchúiseach ar nós Dr. NoAuric Goldfinger ann i gcónaí: James McCullen Destro XXIV (Christopher Eccleston) sa chás seo. Is Albanach é. Ag pointe amháin sa scéal tá Ripcord (good guy) ag píolótáil scairdeitleáin a ghoid sé ó MhcCullen. Níl Ripcord ró-eolach ar an eitleán agus tá sé ag caint le Scarlett (good guy) ar an raidió. Tá gníomhachtúchán gutha san eitleán seo, ach ní thuigeann sé Ripcord. Is eolaí í Scarlett agus deir sí (go loighciúil, mar dhea) gurb é “Celt” a thuigfeadh an t-eitleán ós Albanach é McCullen. Tá Ripcord ag iarraidh diúracán a bhfuil sé sa tóir air a scriosadh. Ní oibríonn an focal “Fire!” ... ná “Bust a cap!” ach oiread. (Fear gorm is ea Ripcord.)

Scarlett: Try “teine”.
Ripcord: What?
Scarlett: It's Celt, Scottish, for “fire”.

(Fuair mé an méid sin ón script, a bhuí le Mike. Séard a chuala mé, áfach, ná tah-HAYN.)

Beagáinín ina dhiaidh sin, is éigean do Ripcord an t-eitleán a thréigean. Seo Scarlett ar an raidió arís:

Eject, Ripcord, eject! [enunciating] Cur magh!

:-)

leabhragán


Seo mise le Nick agus an leabhragán a rinne sé agus a cheannaigh mé uaidh. Táimid ar tí é a chur sa trucail. Chlúdaigh sé an leabhragán, ceann saor, le seanléarscáileanna. Découpage a thugtar ar an ealaín seo, de réir Nick. Chríochnaigh sé a chéim M.A. an bhliain seo agus beidh sé ina chónaí sa Bhulgáir an bhliain seo chugainn. Ní féidir leis a chuid troscáin a thabhairt leis agus thaitin an píosa seo liom.

Ceist agam oraibh anois: cad as don “-agán” san fhocal “leabhragán”?

mo dheirfiúr ar cuairt


Bhí mé níos ciúine ná mar is iondúil le cúpla lá anuas toisc go raibh Kat agus Mike, mo dheirfiúr agus a fear céile, ar cuairt chugainn ó SoCal (deisceart Chalifornia). Seo iad sa chistin anseo.


Chuaigh muid go Cle Elum Dé Sathairn mar a bhfuil rainse ag cara linn. Seo Kat agus Mike ag taobh locha ar an rainse a bhí ina pholl gairbhéil na blianta ó shin. Tá sé lán de bheatha anois.


Is maor maisíochta (special effects supervisor) i Los Angeles é Mike. Bhí orainn dul go dtí an scannán nua G.I. Joe Dé Domhnaigh mar bhí lámh ag Mike sna craiseanna carranna sa scannán. Rinne siad an chase sequence agus na craiseanna i bPrág, cé go raibh siad in ainm a bheith i bPáras. Is amaideach an scannán é -- sraith fhada de phléascanna thar aon rud eile -- ach creid é nó ná creid, is dóigh liom go raibh beagán Gaeilge ann. Tuilleadh faoi seo go luath!

05 Lúnasa 2009

Thaitin dualaíocht leo freisin.



Creidtear go forleathan na laethanta seo gur rud echt-Cheilteach (nó Gaelach nó Éireannach) í an dualaíocht. Celtic interlace a thugtar air go minic. Ní in Éirinn a thosaigh an cineál seo ornáide, áfach. Rinneadh an píosa seo san Eoraip, ach i bhfad ó Éirinn agus i bhfad ó shin.

Quiz: Cén aibítir í seo?

i dteagmháil leis na custaiméirí


Tá a fhios ag comhlacht an leictreachais, ag comhlacht an gháis, agus ag comhlacht an uisce anseo i Seattle gur ceart dóibh dul i dteagmháil lena gcustaiméirí nach bhfuil Béarla ar a dtoil acu ina dteanga féin. Ach... cén teanga? Is léir ó na fógraí seo nach bhfuil siad ar aon intinn faoi seo.

Leictreachas



Gás



Uisce


An féidir libh na teangacha uilig a aithint? :-)

03 Lúnasa 2009

bullauns i gCalifornia


Níl an focal bullaun in úsáid abhus anseo, áfach. Bedrock mortars a thugtar orthu sna bólaí seo. Murab ionann agus in Éirinn, níl aon mhistéir ná tuairimíocht ag baint leo.


Seo seanghrianghraf de bhean Indiach ag tuargaint dearcán i mballán. Is iad na mná a dhéanadh an obair, ní na fir. Tá scéal an-ghairid faoi seo, i gKaruk agus i nGaeilge, anseo. Príomhbhia na nIndiach ar fud Chalifornia sa sean-am ba ea an dearcán, agus tá balláin le fáil ar fud na háite dá bharr sin.


02 Lúnasa 2009

bullaun


Foclóir Gaeilge-Béarla (FGB):

ballán¹ 2. Lit: Cup-shaped drinking vessel. 3. (Rock with) cup-shaped hole.

Seo focal Gaeilge ar nós rath (gan an síneadh fada) agus crannog (ditto) a úsáidtear mar shainfhocal i mBéarla anois. Is féidir cuid mhaith eolais ar an rud seo a fháil ach cuardach a dhéanamh (Google nó Bing, mar is mian leat) le bullaun.


Is suimiúil an rud é go raibh spéis ag an bhfoclóirí (lexicographer) Cormac mac Cuilleannáin san fhocal seo níos mó ná míle bliain ó shin. Seo an iontráil in Sanas Cormaic (ó eagrán Khuno Meyer):

167. Ballān .i. bill-īan .i. lestar ḟir t[h]rūaig. Aliter: ballān .i. balloinis [βάλανος] isin grēic, glandis isin latin .i. dircu. Ballān didiu .i. fūath dercon bīss fair. Aliter: bell-īan .i. bell mele, ut dicitur: ‘a nó beill dogní in fer sa’ .i. a nó troich. Ballān didiu īan duine beill .i. duine t[h]rōigh.

167. Ballán i.e. bill-ian (bill= clamh, ian = cupán adhmaid) i.e. leastar fir trua. Nó: ballán i.e. βάλανος (= dearcán) i nGréigis, glandis (glans) i Laidin i.e. dearcán. Ballán mar sin, cruth dearcáin a bhíonns air. Nó: bell-ian i.e. (is ionann) bell (agus) meile (= amadán), mar sin deirtear ‘(is é) an chluas amadáin a dhéanann an fear seo’* i.e. an chluas thruáin. Ballán mar sin ian duine amaidigh i.e. truán.

* Is dócha gurbh ionann “an chluas amadáin” agus “an chluas bhodhar”:

“Is é an chluas bhodhar a thugann an fear seo”, nó “ní éisteann an fear seo le dea-chomhairle”.


Mar is iondúil, thug Cormac níos mó ná míniú amháin dúinn. Síleann scoláirí an lae inniu gur tháinig an focal seo ón bhfréamh Ind-Eorpach *bhel-, a dhéanann tagairt do rudaí atá cruinn nó séidte. Tá sliocht mór ar an bhféamh seo: ball agus bolg i nGaeilge, ball, bowl, boll, bole, belly, bellows i mBéarla, phallos i nGréigis, etc.

01 Lúnasa 2009

mallacht


Seo líne as dán a luaitear le Diarmait mac Cerbaill. Tá sé sa lámhscríbhinn ar a dtugtar Leabhar Laighneach / Leabhar na Nuachongbhála / The Book of Leinster. Is ar éigean go bhfuil sé inléite, mar sin d'imlínigh mé na litreacha go mbeidís níos soiléire:



Bud nenaid cu brath a lucht!

Gura neantóga go brách a mhuintir!

I bhfocail eile, go raibh a theach agus a fhearann fás, gan de neacha beo ann ach neantóga. Pléigh mé an líne seo agus “trí comartha láthrach mallachtan” anseo tamall ó shin. Is é an líne a thagannn ina dhiaidh seo ná “cen tenid ar a primpurt” = “gan tine ar a phríomhphort”, .i. an dún is mó aige a bheith gan tine ar an teallach.