30 Márta 2010

Uit mo chrob!


Uit mo chrob

Och, mo lámh!

Scríobhaí Éireannach a “dúirt” é seo timpeall 845 AD, á bhreacadh síos ar imeall leabhair a fágadh i leabharlann Sankt Gallen, mainistir san Eilvéis.

Agus is Sasanach darbh ainm Eadberct a bhreac an méid seo síos i leabhar eile atá arna chaomhnú sa leabharlann chéanna:

(Cliceáil...)

Qui nescit scribere non putat esse laborem. Tres enim digiti scribunt totum corpus laborat.

Ní dóigh le duine nach bhfuil scríobh aige gur obair atá ann. Cé nach scríobhann ach trí mhéar oibríonn an corp ar fad.

Tá a lán leaganacha den ghearán seo le fáil i leabhracha ón Meánaois. Tá níos mó sonraí i gcuid de na leaganacha, mar atá:

oculus gravat = tuirsíonn [an cheird seo] na súile
renes frangit = briseann sí na duáin
costas in ventrem mergit = sánn sí na heasnacha isteach sa bholg
dorsum inclinat = cromann sí an droim

Och, mo lámh... agus mo dhroim agus mo shúile agus...

5 comments:

  1. Chonaic mé cúpla pictiúr de scríbhneoirí sa mheánaois agus thug mé faoi deara nach raibh an leabhar ar bhord cothrom acu.
    Tá ceann maith agat ar do bhlog "Sanctus Comgallus".

    Seo chugat ceann eile de na léaráidí --http://www.uiowa.edu/~ctrbook/images/MedievalScribe.jpg

    Níl sé éasca leabhar a scríobh i suíomh coirp mar sin. Níl sé "ergonomic" mar a deirtear sna laethanta atá againne. Bheadh strus uafásach ar do rostaí. B'fhéidir go raibh fadhb "carpal tunnel" ag an bhfear thuas.

    ReplyDelete
  2. Is an-suimiúil an sonrú sin, Liz. B'fhiú níos mó taighde a dhéanamh air.

    ReplyDelete
  3. "Ní dóigh le duine nach bhfuil scríobh aige gur obair atá ann."

    Is suimiúil an ráiteas sin. Léiríonn sé, b'fhéidir, go raibh an lucht a bhí ina shuí istigh (amhail scríbhneoirí, cléir etc.) de shíor faoi amhras ag an lucht a bhí ag sclábhaíocht amuigh sa ghort - nó an chuid ba chliste díobh ar aon nós - maidir lena raibh ar siúl acu sa mhéid nárbh obair cheart a bheadh inti ar chor ar bith ach cur i gcéill agus geáitsíocht chun éalú ón sclábhaíocht agus chun an dallamullóg a chur ar lucht "na hoibre cirte"!!

    Seans go bhfuil breis solaoidí den "díoscúrsa" céanna le haimsiú sna foinsí?

    ReplyDelete
  4. Tá radharc sách rómánsúil de bheatha an scríobhaí / scoláire le fáil sa dán seo in Measgra Dánta:

    Aoibhinn beatha an scoláire
    bhíos ag déanamh a léighinn;
    is follas díbh, a dhaoine,
    gurab dó is aoibhne in Éirinn.

    [...]

    Maith biseach a sheisrighe
    ag teacht tosaigh an earraigh;
    isé is crannghail dá sheisrigh
    lán a ghlaice do pheannaibh.

    Agus is léir go raibh údar an dáin “Mise ocus Pangur Bán” sásta lena bheatha “smeartha le dúch”.

    ReplyDelete
  5. ... ar bheatha an scríobhaí ...

    ReplyDelete