09 Márta 2010

“Mise Miach”


Summer Arm (2007) Robert and Shana ParkeHarrison

Mise Miach

Mise Miach,
mac an athar
a mharaigh mé agus
a mhill an cnuasach
a rinne Airmheadh.

Tá beatha agus sláinte
i ngach ball
de mo chorp,
scaipthe anois,
ag fás ar fud
gleannta is sléibhte.

Is méanar don té
a chuirfeas in ord
is in eagar mé.

Scríobh mé an dán seo ± deich mbliana ó shin.

4 comments:

  1. An-dán, Dennis. Sa chomhthéacs seo, b’fhiú súil a chaitheamh ar an Eolaí Póca ‘Luibheanna Leighis’ (An Gúm, 1997) ar aistriúchán é a rinne Nicholas Williams ar shaothar de chuig Pamela Forey agus Ruth Lindsay. Is gleoite mar mhionleabhar é, planda amháin in aghaidh an leathanaigh, maille le pictiúr, réimse fáis agus na leasannna gur féidir a bhaint as.

    ReplyDelete
  2. An-deas ar fad!

    Ar ndóigh, níl gá le feoil ar chor ar bith...

    ReplyDelete
  3. Áthas orm gur thaitin sé libh!

    Maidir le feoil, ní bheidh sí ar an mbord anseo anocht. Séard a bheas againn ná tamales vegetarianos con salsa chipotle, frijoles negros con queso fresco, y guisantes dulces.

    ReplyDelete
  4. Agus liomsa freisin! An-dán ar fad!

    ReplyDelete