09 Márta 2010

aistriúcháin le Google



Tá alt sách suimiúil sa New York Times inniu ar Google translate anseo.

Agus tá samplaí de na haistriúcháin a dhéantar leis anseo. Déanann sé jab maith ag aistriú Fraincise go Béarla, de réir dealraimh. Ní éiríonn leis chomh maith sin le Rúisis is Araibis. Rinne mé triail anois díreach le cúpla abairt a scríobh mé féin ar maidin sa bhlagmhír roimhe seo:

Ach tá an miotas céanna le feiceáil sna scéalta seo uilig: cruthú nua as baill chorpartha an fhir a híobraíodh. Ní cruthú na cruinne iomláine atá i gceist sa scéal Éireannach, ar ndóigh, toisc go raibh scéal eile i réim ó theacht na Críostaíochta i leith. Séard atá againn i scéal Mhiach ná leagan caolaithe den seanscéal, macalla de.

Seo é an t-aistriúchán a fuair mé ón suíomh:

But the same miotas seen in all these stories: the creation of new members from the men who híobraíodh physical. Not causing the whole world involved in the story of Ireland, of course, because that was another story in the scope of the coming of Christianity in particular. What we have in Mhiach story is diluted version of seanscéal, echo de.

Hmmm.

3 comments:

  1. Níl GoogleTranslate úsáideach ar bith don Ghaeilge, ach tá sé greannmhar -- nó b'fhéidir "groanmhar".

    ReplyDelete
  2. De réir mar a fhaigheann Google Translate réimse níos leithne abairtí, sea is fearr a éiríonn leis na haistriúcháin.

    ReplyDelete