24 Márta 2010

365



Níos luaithe an mhí seo, phléigh mé an abairt seo as Cath Maige Tuired:

Íar sin roadhnocht lia Díen Cécht Míoach ⁊ ásaid cóic lube sescut ar trí cétuib tresin athnocul fo líon a altai ⁊ féthe.

Ansin d'adhlaiceadh Miach le Dian Céacht agus d'fhás trí chéad seasca cúig luibh tríd an adhlacadh, líon a alt agus a fhéitheacha.

Ansin, léigh mé an méid seo inné ar an Wall Street Journal san alt “Decoding an Ancient Theory” :

“Many of the 365 acupuncture points correspond to nerve bundles or muscle trigger points.”

Ansin rinne mé cuardach Google le “ar trí cét” agus fuair mé an sliocht seo as Auraicept na nÉces:

... ar ita coic alta sescat ar tri cet i nduine, a coic sescat ar tri cet aisti archetail, 7 coic laithi sescat ar tri cet isin bliadain 7 a coic sescat ar tri cet du luibib tre thalmain ...

... óir tá trí chéad seasca cúig alt i nduine, trí chéad seasca cúig meadaracht i bhfilíocht, agus trí chéad seasca cúig lá sa bhliain agus trí chéad seasca cúig luibh as an talamh ...

Uabh! Tá 365 ar fud na háite... i ndomhan na smaointeoireachta draíochtúla ar aon nós.

6 comments:

  1. Uabh a dhuine! Tá sé sin trom... comhtharlú?

    ReplyDelete
  2. Ní dóigh liom é. Tá rud ann a dtugann na béaloideasóirí “scéal idirnáisiúnta” air. “Pisreog idirnáisiúnta” a thabharfainn air seo.

    ReplyDelete
  3. Mar sin an mbeinn ceart le maíomh go bhfuil ceangal díreach stairiúil idir tuiscint na nGael agus tuiscint na Sínigh i leith "trí chéad seasca cúig alt i nduine"?

    Agus ar ábhar eile cad faoi "trí chéad seasca cúig meadaracht i bhfilíocht"!!
    Sin a lán meadarachtaí.

    ReplyDelete
  4. Sin hyperbole, focal nach bhfuil agam i nGaeilge. Ah, “urtheilgean”. Ar chuala é sin riamh? Sa chás seo, “áibhéil ar mhaithe le haontacht chosmach” nó rud éigin mar sin atá againn.

    ReplyDelete
  5. Agus deirtear go bhfuil 365 oileán ar Loch Coirib i nGaillimh!

    http://www.galway-ireland.ie/lough-corrib.htm

    ReplyDelete
  6. Agus 365 oileán sa gCuan Mó!

    ReplyDelete