

Tá an tsaltair bheag seo ón aonú haois déag ar taispeáint i nDún Éideann faoi láthair, den chéad uair riamh, go dtí 5 Aibreán, 2010. Tá íomhánna eile de le feiceáil anseo. Is iontach chomh geal agus atá na dathanna ann. Tapaigh an deis má tá tú in Albain!


An ceart ar fad agat, Dennis. Iontach mar psalter agus seoid Albannach ina theannta.
ReplyDeleteAn bhfuil sé scríofa i Laidin amháin, nó an bhfuil aon Ghaeilge le léamh ann?
ReplyDeleteI Laidin amháin, go bhfios dom, murab ionann is The Book of Deer, leabhar eile a scríobhadh in Albain, atá níos sine ná an ceann seo, ach nach bhfuil lonnaithe in Albain anois.
ReplyDeleteAnois, sin seoid de leabhar!
ReplyDeletehttp://www.ucc.ie/celt/published/G102007/
ReplyDelete"Ro laboir Colum Cille, ‘Bed Déar a anim ó shunn imacc.’"
Leabhar Deor atá air mar sin, i dteanga na nGael?
Leabhar Déir atá ar an idirlíon i gcúpla áit.
ReplyDelete