Tá a fhios agaibh go bhfuil an-suim agam sna litreacha, ón Oghamchraobh anuas, a d'úsáidtí agus a úsáidtear le Gaeilge a scríobh. Tá a lán de na litreacha seo le fáil ar chraiceann ainmhithe (laonna go háirithe in Éirinn) sna lámhscríbhinní. Ach anois tá siad le feiceáil ar chraiceann beo chomh maith. Is ró-mhinic a dhéantar praiseach de thatú i nGaeilge nó in Ogham, ach tá eisceachtaí áille ann freisin. Is maith liom an ceann nua seo atá le feiceáil ar cholpa Karen atá ina cónaí san Astráil.

An té ná fuil léim aige, cuimlíodh sé a thóin den gclaí.
Sin ceann maith, is dóigh.
ReplyDeleteCaithfidh mé a admháil áfach nach dtuigim cén fáth gur mhaith le duine tatú a fháil.
Fuair cara do mo chuid ceann le déanaí (tá na céadta aige cheana), ceann i nGaeilge atá ann, ach ní raibh an chiall leis mar a cheap sé a bheadh.
Ní dúirt mé tada ar ndóigh!
Is maith liom é, a Dennis.
ReplyDeleteCé nach duine mór tatúnna mise ach an oiread, a Dhubhaltaigh, ní miste liom iad a fheiceáil ar dhaoine eile. Bíonn scéal taobh thiar díobh i gcónaí...:-)