30 Márta 2010

na hiolair vs. na corra glasa


Bhlagáil mé ar na mallaibh faoi na hiolair atá le feiceáil sa chomharsanacht seo. Éan eile a fheicim go minic anseo ná an chorr ghlas.


Is cosúil nach comharsana maithe iad na héin seo ar chor ar bith. De réir an ailt seo ar an Seattle Times, tá na hiolair, atá ag dul i líonmhaireacht, ag creachadh neadacha na gcorr anois. Is éan mór an chorr, ach is loimirceach í i gcomórtas leis an iolar. Tá líon na gcorr ag laghdú.


Réiteach a mhol duine amháin: áitiú ar na hiascairí coirneacha (ospreys) neadacha a dhéanamh in aice le coilíneachtaí na gcorr. Fanann an t-iolar fíréan glan ón iascaire coirneach de ghnáth, agus ní dhéanann an t-iascaire coirneach aon dochar don chorr.

5 comments:

  1. Mar atá scríofa sa nuachtán: tá "grástúlacht mhachnamhach áirithe" ag baint leis na corra glasa.Is deas an cur síos é.

    Agus coirnigh mar ghardaí cosanta dóibh...

    ReplyDelete
  2. "grástúlacht mhachnamhach áirithe"

    Go dtí go n-osclaíonn siad a ngoib! Ní binn ná machnamhach guth na gcorr.

    ReplyDelete
  3. Ní shílim go bhfuil aon ghá a bheith buartha, gan amhras ar bith níl aon ghá le grúpaí (Herons Forever!)
    Mar a dúirt mo dhuine san alt faigheann nádúr cothromaíocht ar a aonar.
    Chonaic bean, nó cúpla duine, iolar ag ionsaí corr réisc agus creideann sí/siad go bhfuil na héin siúd go léir i mbaol báis!

    Geallaim duit go gcloisfidh tú glaonna ó na daoine seo go luath amach anseo ag impí "líon na n-iolar a laghdú"!

    Sin ráite tuigim a gcás. Tá nead chorr réisc sna crainn lasmuigh de m'árasán, in aice leis an abhainn. Agus níor mhaith liomsa dá mbeidís i mbaol.

    ReplyDelete
  4. Tá réiteach na faihbe againn anseo in Éirinn na mbánta iathghlasa. Fáil réidh leis na míolra.

    http://www.irishtimes.com/newspaper/ireland/2010/0303/1224265502596.html

    ReplyDelete
  5. Nádúr de shaghas eile ag réiteach na faidhbe sin, shílfeá, a Mhíshásta, nádúr baill den chine daonna.

    ReplyDelete