04 Márta 2010

Cá bhfuil an chloch seo?



Cheannaigh mé an geansaí seo ó An Spailpín Fánach sa bhliain 2001. An aithníonn éinne an chloch ghreanta seo?

Fuair mé an freagra. Radharc seilge ó Ardchros Bhéal Linne san Iarmhí is ea é. Agus tá an geansaí seo ar fáil fós ón Spailpín.

4 comments:

  1. Sin cruth an-dheas. Sin mac tíre sa lár is dóigh?

    Ag breathnú ar an suíomh seo thíos is léir go bhfuil easpa ardchros san Iarthar, cén fáth sin?

    http://maps.google.com/maps/ms?ie=YTF8&hl=en&msa=0&11=53.251555,-6.147537&spn=0.464229,1.216736&z=10&om=1&msid=110170022048891024386.000001136261123b59f36

    ReplyDelete
  2. Shíl mé riamh gur cú seilge a bhí ann.

    Is suimiúil an léarscáil í, agus suimiúil an cheist a chuireann sí faoinár mbráid. Níl a fhios agam cén fáth, ach is dócha go bhfuil teoiric nó dhó amuigh ansin. Ba cheart dúinn beagán taighde a dhéanamh. Tá leabhar agam ar an ábhar anseo ar an tseilf, An Introduction to Irish High Crosses. Níl a fhios agam an mbeidh réiteach na ceiste ann.

    ReplyDelete
  3. Níl aon phlé fada domhain ar an ábhar seo leabhar seo. Séard atá ann den chuid is mó ná grianghrafanna dubh-is-bána. Ach tá míniú neamhdhíreach ann ar dháileadh geografach na n-ardchros. Bhí siad ceangailte leis na mainistreacha móra. Ar an láimh eile, tá leaca a bhfuil crosa orthu le fáil san Iarthar agus ar oileáin amach ón gcósta.

    ReplyDelete
  4. Ag breathnú ar an suíomh sin arís, feicim go bhfuil cros nó dhó fágtha as acu, de réir an tsuímh seo thíos
    http://en.wikipedia.org/wiki/File:High_Crosses_of_Ireland_%28map%29.png

    ReplyDelete