04 Márta 2010

comhleá Haida-Ceilteach



Dúileamh le Don Yeomans (thíos)



Tá ról lárnach ag an bhfiach dubh i miotaseolaíocht an Phacific Northwest, mar chruthaitheoir agus mar chleasaí. De réir scéil ó Phuget Sound (mar a bhfuil Seattle suite), bhí Fiach Dubh dubh dóite dá shaol i dTír na nÉan. As go brách leis lá amháin le cloch ina ghob. Nuair a bhí sé tuirseach den chloch, lig sé di titim as a ghob. Thit sí san fharraige agus thosaigh sí ag fás, agus tá muid uilig beo uirthi anois.

4 comments:

  1. Má bhí miotas -- nó miotais -- faoi chruthaíocht na cruinne ag na Gaeil réamhchríostaithe, níl aon iarasmaí de fágtha. Nó má tá iarsmaí ann, is cosúil nach n-aithníonn muid iad.

    ReplyDelete
  2. B'fhéidir gur scrios na hiarchríostaithe an fhianaise fhírinneach...:-)

    ReplyDelete
  3. Is féidir nach raibh “miotas canónta” ann roimh theacht na Críostaíochta. Bhíos ag smaoineamh ar shamplaí de “chruthú” sna seanscéalta, .i. rudaí nach raibh ann a tháinig isteach sa bhith “go míorúilteach”. Tá scéilín an-deas -- ach brónach -- in Cath Maige Tuired faoi Mhiach agus na luibheanna leighis a d'fhás as a chorp. Ba chóir dom blagmhír a scríobh air.

    ReplyDelete