26 Márta 2010

An cúis imní iad?


Scéal a hAon

Tá Apple tar éis fógairt go mbeidh an táirge is nua acu ar an margadh go luath: slis ríomhaire a sheinnfidh ceol ó ionchlannán cíche.

$499 agus $599 a bheidh ar an iTit, ag brath ar mhéid an stórais agus méid an challaire.

Meastar gur forbairt an-tábhachtach é seo. Is fada mná ag gearán go mbíonn fir ag stánadh ar a gcíocha gan a bheith ag éisteacht leo.

Scéal a Dó

Tá imní ar shaineolaithe go mbeidh sceimhlitheoirí in ann eitleán a scriosadh le pléascán in ionchlannán cíche. Is féidir go bhfuil máinlianna ag obair ar a leithéid i Yemen nó i bPakistan anois díreach, a deir siad.

4 comments:

  1. ASG faoi Scéal a hAon!

    Maidir le Scéal a Dó, go sábhála sinn ó olc..

    ReplyDelete
  2. Scéal a dó: go bhfóire Dia orainn. Fanfadsa ar an dtalamh.

    Scéal a haon: 6 lá ro-luath.

    ASG ??? ní thuigim.

    ReplyDelete