01 Márta 2010

Baí rí amra... (cuid a dó)


Is degdul or in fer de Grecaib.

Ceist cid immeraidfem. ni handsa. dús cumachta as tressiu fil for talmain. Rofetarsa ar in laech do Romanchaib .i. fín. Ar is fín ro medair in slúag co mbátar cen chond cen chéill. & comtar mera mesca con darala i súan fo chossaib a mbidbad. Is degdul or in fer de Grecaib. acht ba dóchu lim ba tressiu cumachta na flatha dia tardad in fín. Tressiu flaith feraib. sruithiu dúilib duine. Is a chumachtaside fonrignine cen mescai cen chotlud cia taam oc ól fina. Maith or in laech do Ebríb it mathi na dula dorata and. Nemiasserus a ainmside. Ba dóchu limsa or seside ba moo cumachta banscále. Noco n-ingnad dano acht bad chuman lat imbarach. Bít and co matin.

“Bhuel, céard a phléfidh muid?”

“Ní hansa. Cén chumhacht is treise ar talamh?”

“Tá a fhios agam,” arsa an laoch Rómhánach. “Fíon. Óir is fíon a chuir an slua ar meisce go raibh siad gan chiall gan chonn, go raibh siad caoch ar meisce agus a chuir ina gcodladh iad faoi chosa a naimhde.”

“Ceann maith é sin,” arsa an Gréagach. “Ach is dóigh liom go raibh níos mó cumhachta ag an bhflaith a thug an fíon dóibh. ‘Tá an flaith níos treise ná na fir. Tá an duine níos críonna ná na dúile.’ Is é a chumhacht-san a rinne muid gan mheisce gan chodladh cé go bhfuil muid ag ól fíona.”

“Bhuel,” arsa an laoch Eabhrach, “Is maith iad na dúile a cuireadh ann!” Nemiasserus an t-ainm a bhí air. “Feictear domsa,” ar seisean, “go bhfuil cumhacht na mná níos mó. Ní ionadh é seo ach bíodh cuimhne agat air amárach.”

D'fhan siad ann go maidin.

níos mó le teacht

2 comments:

  1. 'go bhfuil cumhacht na mná níos mó' - b'fhéidir é, a Dennis, ach cá bhfuil na leabhair a scríobh na mná ón am úd, i bhfianaise air sin?

    Más rud go mbídís chomh cumhachtach sin, an é nach raibh cead acu ach 'cumhacht' ar leith a chomhlíonadh, meas tú?

    ReplyDelete
  2. Is fíor duit. Ach fan le cuid a trí, deireadh an scéilín.

    ReplyDelete