25 Márta 2010

Uair an Chloig na Talún


Níl “Uair an Chloig na Talún” chomh gonta* le Earth Hour, ach tá sí ag teacht! Níl le déanamh le dea-ghuí don talamh (agus dúinn féin) a thaispeáint ach na soilse a mhúchadh ó 8:30 go 9:30 Dé Sathairn. Tá solas na gcoinnle an-deas, agus nach bhfuil beagán fíona is beagán comhrá níos fearr ná an bosca sa chúinne (nó an scáileán ar an mballa)?

mar a bhfuil na soilse

Canberra, An Astráil

Má tá dearcadh eile ó twit Sasanach uait, áfach, féach seo.

* Is beag teanga atá chomh gonta leis an mBéarla, ar ndóigh: La Hora de la Planeta, L'Heure de la Terre, etc. Níl a fhios agam an bhfuil leagan Gearmáinise ann ar chor ar bith.

3 comments:

  1. "Uair ar son an Domhain" atá ag Focal.ie

    Cad faoi "Uair an Domhain"?

    Is cuimhin liom níos mó cainte faoi uair ar son an domhain an bhliain seo caite. Grma as é a chur i gcuimhne dom arís.

    ReplyDelete
  2. Uair an domhain i mBleá Cliath i 2009
    http://www.youtube.com/watch?v=00YWw17I61Q

    ReplyDelete
  3. "Stunde der Erde" atáim ag feiscint sna nuachtánaibh Gearmánaigh (taobh le taobh le "Earth Hour", ar ndóigh).

    ReplyDelete