05 Márta 2010

inscríbhinn ar Ardchros Bhéal Linne



OROIT AR TUATHGAIL LAS DERNATH IN CHROSSA

Tá an inscríbhinn seo le fáil ar an gcros a bhfuil an an seilgaire, a chú, agus an fia le feiceáil uirthi. Leid: dernath = dearnadh.

4 comments:

  1. I gcuimhne ar Thuathgail a rinneadh an chros? Páidir ar chros déanta le tuathgail? Táim ag rámhóireacht anseo...:-)

    ReplyDelete
  2. OROIT AR TUATHGAIL
    = (Abair) úrnaí arson Thuathgaill

    LAS DERNATH IN CHROSSA
    = leis a ndearnadh an chros

    Feictear achainíocha cosúil leis seo sna lámhscríbhinní go minic, ar son an scríobhaí. Seo ceann atá níos fileata ná an gnáthachainí:

    For cubhas caich léghfas leir
    ocus fegfas senadh sir,
    tabradh bennachtain in Uain
    for anmain an truaigh roscrib.

    ReplyDelete
  3. An-dheas, agus sa dán díreach (Aicill) leis.
    An bhféadfá aistriúchán a dhéanamh de, go Gaeilge ár linne?

    ReplyDelete
  4. Cuirfidh mé é sin i mblagmhír dá chuid féin.

    ReplyDelete