19 Márta 2010

Pádraig agus Liber


Liber le cantharus (cuach fíona) agus a pheata pantar taobh leis

Le linn dom an bheathaisnéis Cicero: The Life and Times of Rome's Greatest Politician le Anthony Everitt a léamh inné, d'fhoghlaim mé go mbíodh féile eile ar 17 Márta fadó, an Liberalia. Dia na torthúlachta agus na síolta ab ea Liber, agus uaireanta ba bheag an difear idir eisean agus Bacchus, dia an fhíona. Bhíodh paráid ar an lá sin ag na Rómhánaigh. In áit na mbannaí ceoil agus na rinceoirí céime, áfach, séard a bhíodh i gceartlár an mhórshiúil ná fallas ollmhór!

4 comments:

  1. Go deimhin, d'fhéadfaí a rá go bhfuil nasc láidir idir fhíon agus torthúlacht fós, a Dennis...:-)

    ReplyDelete
  2. Agus d'fhéadfa a rá nach mór an difear idir Bacchus agus Páidí na Féile comhaimseartha anseo i dtír an óil.

    Agus ná fuil fallas ollmhór dár gcuid féin le feiscint go soiléir a gceartlár pharáid Bhleá Cliath? - an Spíce.

    ReplyDelete
  3. Is maith liom an Spíce (nó “An Túr Solais”), murab ionann is a lán daoine eile. An chéad uair a chonaic mé é “up close and personal” bhí sé á ghlanadh. Bhí craein ollmhór fhlannbhuí in aice leis. Thaitin an díséad sin liom.

    ReplyDelete
  4. "Is maith liom an Spíce"

    Sin duine amháin ar a laghad.

    ReplyDelete