पुरुष
Bhí Puruṣa, nó Purusha, an Fear Cosmach, beo sa mhiotas Véadach. Mharaigh na déithe é agus rinne siad an chruinne as baill a choirp: an ghrian as a dhá shúil, an t-aer as a anáil, agus mar sin de.
Bhí Pangu beo sa tSín. Scar sé an spéir ón talamh. Faoi dheireadh fuair sé bás. D'fhás an ghrian as a shúil chlé agus an ghealach as a shúil dheas, an ghaoth as a anáil, agus mar sin de.
Bhí Ymir beo i nGinnungagap, Anord príomhordúil na miostaseolaíochta Lochlannaí. Saolaíodh Odin agus a bheirt deartháireacha (sin scéal eile!) agus mharaigh siad Ymir. Chruthaigh siad Midgard, an talamh s'againne, as a chorp: na sléibhte as a chuid cnámh, na locha as a fhuil, agus mar sin de.
Fir ollmhóra a bhí sa triúr seo, fathaigh, murab ionannn agus Miach. Cruthaíodh an domhan uile as a gcorp. Cruthaíodh na luibheanna íce as corp Mhiach, sin an méid. Ach tá an miotas céanna le feiceáil sna scéalta seo uilig: cruthú nua as baill chorpartha an fhir a híobraíodh. Ní cruthú na cruinne iomláine atá i gceist sa scéal Éireannach, ar ndóigh, toisc go raibh scéal eile i réim ó theacht na Críostaíochta i leith. Séard atá againn i scéal Mhiach ná leagan caolaithe den seanscéal, macalla de.
Bhí Ymir ina réalta i scannán iontach, freisin:
ReplyDeletehttp://en.wikipedia.org/wiki/Ymir_(Ray_Harryhausen)
An laghairtín bocht!
ReplyDeleteSeo rud suimiúil duit:
ReplyDeletehttp://www.scoilgaeilge.org/academics/cruthu_ceilteach.htm