26 Márta 2010

An rud a scríobhann an púca...


... léann sé féin é.

Cliceáil air leis an íomhá a mhéadú.

Dhá rann a bhreac duine éigin i seanleabhar (1921) atá agam. Is cosúil go bhfuil an bunleagan le fáil i LS de chuid Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad (LS M 14, nach bhfuil ar fáil ó ISOS, faraor).

1. Cé atá sásta é seo a athscríobh (agus a cheartú)?

2. An bhfuil samplaí eile de lámhscríbhneoireacht reatha i nGaeilge ón aois seo caite ag éinne / ar an idirlíon?

3. Cén fáth an mbeadh Comhghall Naofa úsáideach anseo?

10 comments:

  1. 1. Iarracht uaim, agus níl ann ach iarracht!

    An scoláire dá pheann.
    A chleite an ghlé shiabhaigh
    ná gabhann siaghail uaim-se,
    Má bhíonn mo litir gránna
    fuígfead do chnamha suaite.
    Nar suaitear leat mo chnamha
    A fhir nach alainn litir
    Mura mbeinn fá ghlas id mhéara
    Badh chleite gléasta mise.

    2. Níl agamsa

    3. Níl a fhios agam

    ReplyDelete
  2. An Scoláire Dá Pheann

    A chleite an ghlé riabhaigh
    Nach ngabhann riail uaimse
    Má bhíonn mo litir gránna
    Fágfad do chnámha suaite

    (An Peann Don Scoláire)

    Ná suaitear leat mo chnámha
    A fhir nach álainn litir
    Mura mbeinn faoi ghlas id mhéara
    Ba chleite gléasta mise.

    (Ní thuigim cad is Comhghall ann)

    ReplyDelete
  3. (Ní thuigim cad is Comhghall ann)

    Ainm naoimh.

    Féach: http://www.cumannnasagart.ie/?option=content&task=blogcategory&id=17&Itemid=44

    ReplyDelete
  4. Go raibh maith agaibh as an gcuidiú!

    Feicim gur chuir tú “An Caighdeán” air, a Sheáin. Tá focal amháin le ceartú fós, áfach, sa chéad líne den chéad rann: “ghé" in áit "ghlé”. “Cleite an ghé riabhaigh = feather of the brindled goose” atá i gceist, mura bhfuil dul amú orm. Ní bhíonn “gé” baininscneach i gcónaí, de réir Uí Dhónaill. Rud eile, ní féidir "riaghail” a athrú go “riail” gan dochar a dhéanamh don mheadaracht.

    Maidir le Sanctus Comgallus, tabharfaidh mé an scéilín faoi a bhaineann le hábhar i mblagmhír eile.

    ReplyDelete
  5. An ceart agat, ar ndóigh. Níor rith sé liom go bhféadfadh ‘gé’ bheith firinscneach cé gur aithin mé gur Gaeilge na Mumhan a bhí sa dán. Ina theannta sin, bhí mé beag beann ar an meadaracht. Iarracht d’ionadh orm gur sa chló Rómhánach a scríobhadh an dán. Bheinn ag súil leis na poncanna in áit na H-anna.

    ReplyDelete
  6. Measaim gur lámhscríbhneoireacht reatha í seo atá leath-Ghaelach agus leath-Ghallda. Meascán díobh le bheith cruinn.

    ReplyDelete
  7. Maidir le ceist a dó, fuair mé é seo ar an idirlíon. Nílim an-tógtha leis. Tá múnlaí eile feicthe agam. Ach cá bhfuil siad anois?

    ReplyDelete
  8. Múnlaí

    1946 agus leabhar cleachtaidh de chuid Brún agus Ó Nualláin os mo chomhair. An cló Gaelach a bhí ann agus mise bocht ag iarraidh aithris a dhéanamh ar na litreacha. M’athair, go ndéana Dia trócaire air, a cheannaigh an leabhar agus a chuir chun oibre mé. Praiseach cruthanta, ach feabhas mall, rí-mhall ag teacht ar m’iarracht. Ní raibh riamh agus níl fós aon ró-shlacht ar mo chuid scríbhneoireachta agus a luaithe agus a d’fhéad mé, chaith mé uaim an cló Gaelach, rud a tharraing fearg mo mhúinteoir Gaeilge sa mhullach orm, go raibh ar m’athair teacht go dtí an scoil chun mé a chosaint. Ach sin scéal lae eile.

    ReplyDelete
  9. An chéad uair tríd, léigh mé “fearg mo mhuintir Ghaeilge” agus shíl mé, “An lead bocht, a ghaolta go léir sa mhullach air!”

    ReplyDelete