02 Márta 2010

Baí rí amra... (cuid a trí)



Maith ale or in rí cia cocert ro boí etroibsi arráir. Is ed so amne ro imraidsem. Cia cumachta is moo forsin talmain. Asrubartsa or in laech do Romanchaib. cumachta fina. Asrubartsa or in laech do Grecaib. cumachta ríg. Asrubartsa ar in tEbraide. cumachta mná Ro baí ind rigan for lethlaim ind ríg. A mind óir ar cind in ríg. Is tressiu in fín ar indara fer. Is tressiu cumachta in rig ar araile. Cid ane cen chumachta limsa or ind rigan. la tabairt béimme dia baiss fora chathbarr ind ríg. co mboí for lár in taige. A mmarbad or cách nos déccai in rí sechae. Tibid ind rigan la sodain Tibid dano in rí fo chetóir. Ni lotfider in ben ol in rí A sein ane or Nemiasserus is tren a chumachta sin. Is fir or in rí is tressiu cumachta mná oldás cech cumachta.

“Maith go leor,” arsa an rí. “Cén réiteach a bhí eadraibh aréir?”

“Is é seo an cheist a phléigh muid: cad é an chumhacht is mó ar an talamh? Séard a dúirt mise,” arsa an laoch Rómhánach, “ná cumhacht an fhíona.”

“Dúirt mise,” arsa an laoch Gréagach, “cumhacht an rí.”

“Dúirt mise,” arsa an tEabhrach, “cumhacht mná.”

Bhí an bhanríon le taobh an rí. Bhí a mhionn óir ar cheann an rí.

“Is treise an fíon,” arsa an dara fear.

“Is treise cumhacht an rí,” arsa fear eile.

“Cén chumhacht atá agamsa in aon chor?” arsa an bhanríon, agus í ag tabhairt béime dá bos ar chafarr an rí, ionas gur thit an cafarr ar an urlár.

“Maraigh í!” arsa cách.

Déanann an bhanríon gáire ansin. Déanann an rí gáire in éineacht léi.

“Ní dhéanfar dochar don bhean,” arsa an rí.

“Sin é go díreach!” arsa Nemiasserus. “Is mór an chumhacht sin.”

“Is fíor,” arsa an rí. “Tá cumhacht mná níos treise ná gach cumhacht.”

An Deireadh

4 comments:

  1. GRMA as an scéal sin a aistriú dúinn a Dennis. An-mhaith.

    ReplyDelete
  2. Tá fáilte romhat. Tá mé díreach tar éis abairt amháin a athrú len í a dhéanamh níos soléite i teanga an lae inniu. Ba mhaith liom cloí le teanga an bhunleagain chomh fada agus is féidir. Ach uaireanta ní thagann as ró-dhílseacht don téacs sin ach ciotaí is aisteachas.

    ReplyDelete
  3. An chéad uair eile a fheicfidh mise an Garraíodóir agus cafarr air, déanfaidh mé amhlaidh...:-)

    ReplyDelete
  4. Sin an fáth go gcaithimid cafairr...

    ReplyDelete