21 Márta 2010

cúram sláinte



Den chéad uair riamh, beidh cúram sláinte ar fáil do dhaoine bochta (agus do dhaoine dífhostaithe nach bhfuil beo bocht fós) sa tír seo ar bhonn rialta. Tháinig an dlí nua seo isteach anocht a bhuí le hObama agus a pháirtí. Níor chaith fiú is Republican amháin vóta ar son an dlí. Tá páirtí an doichill á dhéanamh féin neamhábhartha en masse.

Ceist: Cad é an difríocht idir Democrats agus Republicans?

4 comments:

  1. Cinneadh stairiúil atá ann gan aon agó.

    "Cad é an difríocht idir Democrats agus Republicans?"

    Gan amhras beidh na Republicans ag seasamh mar pháirtí atá in aghaidh cúram sláinte do chách mar bhunphrionsabal amach anseo.

    An bhfuil difríocht eile i gceist agat? Meon mar shampla.

    ReplyDelete
  2. “Caitheann liobrálaithe le madraí mar dhaoine. Caitheann coimeádaigh le daoine mar mhadraí,” mar a dúirt an té a dúirt. Ag magadh a bhí sé ar ndóigh, an dtuigeann tú?
    ;-)

    ReplyDelete
  3. 'beidh cúram sláinte ar fáil do dhaoine bochta'

    Go n-éirí go geal leis!

    ReplyDelete