07 Márta 2010

leabhar beag a bhfuil litreacha áille ann





Tá an tsaltair bheag seo ón aonú haois déag ar taispeáint i nDún Éideann faoi láthair, den chéad uair riamh, go dtí 5 Aibreán, 2010. Tá íomhánna eile de le feiceáil anseo. Is iontach chomh geal agus atá na dathanna ann. Tapaigh an deis má tá tú in Albain!


6 comments:

  1. An ceart ar fad agat, Dennis. Iontach mar psalter agus seoid Albannach ina theannta.

    ReplyDelete
  2. An bhfuil sé scríofa i Laidin amháin, nó an bhfuil aon Ghaeilge le léamh ann?

    ReplyDelete
  3. I Laidin amháin, go bhfios dom, murab ionann is The Book of Deer, leabhar eile a scríobhadh in Albain, atá níos sine ná an ceann seo, ach nach bhfuil lonnaithe in Albain anois.

    ReplyDelete
  4. http://www.ucc.ie/celt/published/G102007/

    "Ro laboir Colum Cille, ‘Bed Déar a anim ó shunn imacc.’"

    Leabhar Deor atá air mar sin, i dteanga na nGael?

    ReplyDelete
  5. Leabhar Déir atá ar an idirlíon i gcúpla áit.

    ReplyDelete