29 Márta 2010

lámhscríbhneoireacht reatha


Seo cúpla sampla de lámhscríbhneoireacht i nGaeilge ón aois seo caite, a fuair mé ón IVRLA. (Is cosúil nach bhfuil leagan Gaeilge den suíomh seo ar fáil. ) Is le Seán Ó Dálaigh an chéad cheann, agus le Tomás Ó Criomhthain an dá cheann eile.

(Cliceáil air etc.)

Feicfidh tú gur cheartaigh duine éigin cuid de na focail.


Tá sé ar intinn agam peann a thógáil agus triail a bhaint as an script seo!

6 comments:

  1. Maidir leis an 'gceartúchán' ar an bhfocal 'baoch' tá an litriú céanna in úsáid fós, go mórmhór i 'baochas le Dia'. Sin mar a fhuaimnítear an focal i nGaolainn na Mumhan. Nach deas ealaíonta an pheannaireacht a bhí ag an Críomhthánach?

    ReplyDelete
  2. Is ealaíonta, go deimhin, a Mhíshásta.

    Taithníonn an cineál lámhscríbhneoireachta sin liom, a Dennis, agus chonaic mé é in úsáid ag gaolta liom fadó, ach ní dóígh liom go mbeadh foighne agam triail a bhaint as mé féin - go n-éirí leat!

    ReplyDelete
  3. Tá mo chuid lámhscríbhneoireachta loite ag an méarchlár. Is ar éigean a n-éiríonn liom na cártaí Nollag a thabhairt chun críche!

    ReplyDelete
  4. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  5. Chuala mé go bhfuil a lán daoine óga sa tSín a bhfuil a chuid Sínise scríofa loite ag an méarchlár. Tá a bpeannaireachta go dona, agus níos measa fós, tá an “litriú” mícheart chomh maith. Aithníonn siad na carachtair gan dua ach ní bhíonn siad cinnte i gcónaí cé mhéad stróc atá iontu agus mar sin de.

    ReplyDelete
  6. Ar na slite atá ann chun teacht i bhfoclóir ar bhrí charachtair Shíneach tá líon na strócanna. Ar ndóigh, ní féidir iad a chomhaireamh más scríbhneoireacht reatha atá i gceist. Caitear an carachtar a scríobh sa mhodh clasaiceach agus ansin líon (X) na strócanna a chomhaireamh. Sin déanta agat, téann tú go dtí an chuid den fhoclóir ina bhfuil na carachtair le X strócanna ann. B’in an deacracht ba mhó a bhí agam agus mé ag iarraidh Seapáinis a fhoghlaim.

    ReplyDelete