18 Márta 2010

an gairdín gluaiseachtach



An bhfeiceann sibh na plandaí bídeacha ag péacadh as an úir? Tá an úir i leaba mo thruiclín. Tá an truiclín páirceáilte ar an tsráid. Chuir mé na síolta ± trí seachtaine ó shin. Seo grianghraf dá bhfuil mé ag súil leis:



Thóg mé an pictiúr seo i Mí an Mheithimh 2007, nuair a bhí an mobile meadow faoi bhláth. Thaitin sé go mór leis na comharsana!

8 comments:

  1. Sin ar fheabhas go deo a Dennis, is breá liom é! :)
    Ba chóir go mbeadh an bhlagmhír seo ar fáil ar Stumble, bheadh an-tóir air.

    ReplyDelete
  2. Go gleoite, Dennis. Trua nach bhfuil trucal agam ach bheadh an baile seo 'gainne sa mhullach orm agus lusanna ann.

    ReplyDelete
  3. Is maith liom do gharraí soghluaiste, go mór. Is fada liom go bhfeicfidh mé é i Mí an Mheithimh 2010!

    ReplyDelete
  4. Bhuel, chuir mé meascán nua de shíolta ann i mbliana. Tá mé i ndóchas go n-éireoidh leis!

    ach bheadh an baile seo 'gainne sa mhullach orm agus lusanna ann

    Bheadh a leithéid ró-outré dóibh, an ea? Tá Seattle i bhfad níos leathanaigeanta.
    :-)

    ReplyDelete
  5. "Stumble?"

    B'fhéidir an breiseán is fearr le fiúntas a bhaint as an idirlíon.

    http://www.stumbleupon.com/discover/activity/

    ReplyDelete
  6. Breiseán? Plug-in? Tá mé dall ar a lán rudaí. Rachaidh mé ann agus feicfidh mé. GRMA.
    :-)

    ReplyDelete