26 Márta 2010

an focal “ionchlannán”



Is focal úrnua é an ceann seo, de réir dealraimh. Níl “ionchlannán” nó “inchlannán” le fáil in Ó Dónaill ar aon nós. Thochais mé mo cheann nuair a fuair mé é ag focal.ie. Ansin -- le chor cainte eile a úsáid -- las an bolgán solais! Focal leathLaidine é seo. Cá bhfuil an Laidin? Ní hansa: san fhocal “clann”.

implant = in+plant > in+clann = ionchlann

Tháinig an focal “clann” isteach sa teanga ón Laidin “planta”. Ní raibh an consan “p” sa Ghaeilge ag an am sin. Rinneadh /kᵂ/ den fhuaim /p/ in iasachtaí an-luatha ón Laidin i mbéal na nGael. Mar shampla:

pascha > *kᵂāska > cásc > Cáisc
planta > *kᵂlanda > cland > clann
pallium > *kᵂallian > caille (agus “cailleach”, bean a raibh caille nó fial uirthi, .i. bean rialta; agus ansin “seanbhean”)

4 comments:

  1. Chuir an 'planta' sin laethanta mo chéime i gcuimhne dom, a Dennis - níor cheap mé an t-am sin go mbeadh sé riamh, ahem, greamaithe le 'implants!'

    Ná laga an solas i do bholgán solais, a chara!

    ReplyDelete
  2. N'fheadar an raibh an laidineachas ag cur isteach ar ár sínsir, i ré úd na luath-chríostaíochta, chomh láidir is a bhíonn an béarlachas ag dó na geirbe ar ghaeilgeoirí an idirlín?

    ReplyDelete
  3. Diabhal a fhios agam, a Mhíshásta, ach is dóigh liom gurbh ionann an scéal an t-am sin agus an scéal sa lá atá inniu ann – ní féidir chuile dhuine a shásamh!

    ReplyDelete
  4. Cád é an dearcadh atá ag inmates Chetwynde Downs ar bhéarlachas? Caithfidh go bhfuil a gcuid tuairimí ar fud na háite, mar is iondúil!

    ReplyDelete