18 Márta 2010

an daonáireamh


Tháinig an tuairisceán daonáirimh sa phost arú inné. Tagann sé gach deich mbliana. Tá an tuairisceán a fuair muid i mBéarla, ach tá sé ar fáil ins na céadta teanga eile. Bhuel, níor chomhair mé iad. A lán lán teangacha. I nDinka. I Chuukese. In Ilocano. Ní i nGaeilge, ar ndóigh (toisc go bhfuil chuile mhac máthar agus iníon athar againn dátheangach).

An aithníonn tú an teanga ar an tuairisceán seo thíos?

Aithníonn, a deir tú. Maith thú! Anois, an bhfuil a fhios agat cén fáth a bhfuil an teanga seo difriúil leis na teangacha eile atá ar fáil ar an tuairisceán céanna?

Cliceáil leis an íomhá a mhéadú.

2 comments:

  1. Ní aithním an teanga fiú. An teanga de chuid dúchasaigh Mheiriceá é... na Navajo nó Inuit b'fhéidir.
    Seans gurb í an t-aon teanga dúchais de chuid Meiriceá atá in úsáid sa daonáireamh í. Níl ann ach buile faoi thuairim.

    ReplyDelete
  2. Sin agat é! Navajo (nó Diné bizaad = “Daoine, a dteanga”), an t-aon teanga dúchais de chuid Meiriceá atá in úsáid sa daonáireamh. Actually, tá dhá theanga eile ar fáil atá dúchasach do daoine atá ina gcónaí in “unincorporated territories” de chuid SAM: Chamorro (teanga Guam) agus Gagana Samoa (teanga American Samoa).

    ReplyDelete