08 Márta 2010

cruthú na luibheanna leighis



Íar sin roadhnocht lia Díen Cécht Míoach ⁊ ásaid cóic lube sescut ar trí cétuib tresin athnocul fo líon a altai ⁊ féthe. Is íar sen scarais Airmedh a prat ⁊ decechlaid na lube-sin íarna téchtai. Tosárluid Díen Cécht ⁊ conmesc-side na lube cona fesai a frepthai córi manis-tecaisceth an Spirut íar tain.

Bhí an lia Dian Céacht tar éis Miach, a mhac, a mharú le teann éada toisc go raibh scil ag Miach nach raibh ag a athair.

Ansin d'adhlaiceadh Miach le Dian Céacht agus d'fhás trí chéad seasca cúig luibh tríd an adhlacadh, líon a alt agus a fhéitheacha. Ansin scar Airmheadh, deirfiúr an fhir mhairbh, a brat agus stoith sí na luibheanna sin de réir a dtréithe. Tháinig Dian Céacht agus mheasc sé na luibheanna le chéile ionas nach bhfuil fios ar na buanna íce atá iontu, murar theagasc an Spiorad Naomh ina dhiaidh sin é.

Tá an scéal seo le léamh in Cath Maige Tuired. Rinneadh iarracht ar phágántacht an chuntais a mhaolú leis an tagairt don Spiorad Naomh ag an deireadh.

4 comments:

  1. Grma as sin. Ach cén fáth gur mheasc Dian Céacht na luibheanna le céile, is é sin le rá, cén fáth nár mhaith leis fios a mbuanna íce a bheith ar eolas ag éinne?

    Ní raibh aon ghá le héad faoin am sin, lena mhac sa chré

    ReplyDelete
  2. Is cosúil go raibh fearg ar Dhian Céacht fós. Is dócha nach raibh sé sásta go mbeadh clú iarbháis ar a mhac mar bhunús na míochaine.

    ReplyDelete
  3. Is mór liom na blúiríní eolais seo uait, a Dennis. Iontach suimiúil ar fad.

    Bhí údar an leabhair sin thuas, Nicholas Williams, ag labhairt ag Éigse Cholm Cille ag an deireadh seachtaine – ‘Cineálacha éagsúla grinn sa Ghaeilge’ faoi chaibidil aige – agus bhí sé féin an-ghreannmhar ar fad.

    Dúirt mé leis, ag am sosa, gur thaitin a léacht, agus a chanúint go mór liom – canúint Chonamara aige, i mo thuairim...;-)

    ReplyDelete
  4. Is iontach an méid atá curtha i gcló aige, idir aistriúcháin agus scríbhneoireacht dá chuid féin, ar nós an leabhair seo thuas.

    ReplyDelete