30 Márta 2010

Uit mo chrob!


Uit mo chrob

Och, mo lámh!

Scríobhaí Éireannach a “dúirt” é seo timpeall 845 AD, á bhreacadh síos ar imeall leabhair a fágadh i leabharlann Sankt Gallen, mainistir san Eilvéis.

Agus is Sasanach darbh ainm Eadberct a bhreac an méid seo síos i leabhar eile atá arna chaomhnú sa leabharlann chéanna:

(Cliceáil...)

Qui nescit scribere non putat esse laborem. Tres enim digiti scribunt totum corpus laborat.

Ní dóigh le duine nach bhfuil scríobh aige gur obair atá ann. Cé nach scríobhann ach trí mhéar oibríonn an corp ar fad.

Tá a lán leaganacha den ghearán seo le fáil i leabhracha ón Meánaois. Tá níos mó sonraí i gcuid de na leaganacha, mar atá:

oculus gravat = tuirsíonn [an cheird seo] na súile
renes frangit = briseann sí na duáin
costas in ventrem mergit = sánn sí na heasnacha isteach sa bholg
dorsum inclinat = cromann sí an droim

Och, mo lámh... agus mo dhroim agus mo shúile agus...

na hiolair vs. na corra glasa


Bhlagáil mé ar na mallaibh faoi na hiolair atá le feiceáil sa chomharsanacht seo. Éan eile a fheicim go minic anseo ná an chorr ghlas.


Is cosúil nach comharsana maithe iad na héin seo ar chor ar bith. De réir an ailt seo ar an Seattle Times, tá na hiolair, atá ag dul i líonmhaireacht, ag creachadh neadacha na gcorr anois. Is éan mór an chorr, ach is loimirceach í i gcomórtas leis an iolar. Tá líon na gcorr ag laghdú.


Réiteach a mhol duine amháin: áitiú ar na hiascairí coirneacha (ospreys) neadacha a dhéanamh in aice le coilíneachtaí na gcorr. Fanann an t-iolar fíréan glan ón iascaire coirneach de ghnáth, agus ní dhéanann an t-iascaire coirneach aon dochar don chorr.

29 Márta 2010

lámhscríbhneoireacht reatha


Seo cúpla sampla de lámhscríbhneoireacht i nGaeilge ón aois seo caite, a fuair mé ón IVRLA. (Is cosúil nach bhfuil leagan Gaeilge den suíomh seo ar fáil. ) Is le Seán Ó Dálaigh an chéad cheann, agus le Tomás Ó Criomhthain an dá cheann eile.

(Cliceáil air etc.)

Feicfidh tú gur cheartaigh duine éigin cuid de na focail.


Tá sé ar intinn agam peann a thógáil agus triail a bhaint as an script seo!

27 Márta 2010

Sanctus Comgallus



Puer quidam discebat scribere; set nemo potuit eum docere, quia quod scribebat vix agnosci poterat, vtrum manus hominis aut vngula auis illud depinxerat. Et ita erat multis diebus. Postremo autem veniens ad Comgallum, vir sanctus benedixit oculos eius et manus; et ilico scripcio eius meliorata est, ut ceteros scriptores precelleret. Et in ipsa arte auctor et doctor in vita sua fuit.

Vita Sancti Comgali xxix in VITAE SANCTORUM HIBERNIAE, Charles Plummer eag.

Bhí an buachaill seo ag foghlaim scríbhneoireachta. Ach ní raibh aon duine ábalta é a mhúineadh, mar is ar éigean a bhí a fhios acu an é lámh an duine nó crúb an éin a rinne an méid a scríobh sé. Is mar seo a bhí sé go ceann i bhfad. Tháinig sé go Comhghall faoi dheireadh agus bheannaigh an fear naofa a shúile agus a lámha. Tháinig feabhas ar a scríbhneoireacht ar an toirt agus rug sé barr ar na scríobhaithe eile. Agus bhí scil aige sa cheird seo ar feadh a shaoil.

Naomh Comhghall, Éarlamh na Lámhscríbhneoireachta, abú!

26 Márta 2010

An rud a scríobhann an púca...


... léann sé féin é.

Cliceáil air leis an íomhá a mhéadú.

Dhá rann a bhreac duine éigin i seanleabhar (1921) atá agam. Is cosúil go bhfuil an bunleagan le fáil i LS de chuid Ollscoil na hÉireann, Maigh Nuad (LS M 14, nach bhfuil ar fáil ó ISOS, faraor).

1. Cé atá sásta é seo a athscríobh (agus a cheartú)?

2. An bhfuil samplaí eile de lámhscríbhneoireacht reatha i nGaeilge ón aois seo caite ag éinne / ar an idirlíon?

3. Cén fáth an mbeadh Comhghall Naofa úsáideach anseo?

an focal “ionchlannán”



Is focal úrnua é an ceann seo, de réir dealraimh. Níl “ionchlannán” nó “inchlannán” le fáil in Ó Dónaill ar aon nós. Thochais mé mo cheann nuair a fuair mé é ag focal.ie. Ansin -- le chor cainte eile a úsáid -- las an bolgán solais! Focal leathLaidine é seo. Cá bhfuil an Laidin? Ní hansa: san fhocal “clann”.

implant = in+plant > in+clann = ionchlann

Tháinig an focal “clann” isteach sa teanga ón Laidin “planta”. Ní raibh an consan “p” sa Ghaeilge ag an am sin. Rinneadh /kᵂ/ den fhuaim /p/ in iasachtaí an-luatha ón Laidin i mbéal na nGael. Mar shampla:

pascha > *kᵂāska > cásc > Cáisc
planta > *kᵂlanda > cland > clann
pallium > *kᵂallian > caille (agus “cailleach”, bean a raibh caille nó fial uirthi, .i. bean rialta; agus ansin “seanbhean”)

An cúis imní iad?


Scéal a hAon

Tá Apple tar éis fógairt go mbeidh an táirge is nua acu ar an margadh go luath: slis ríomhaire a sheinnfidh ceol ó ionchlannán cíche.

$499 agus $599 a bheidh ar an iTit, ag brath ar mhéid an stórais agus méid an challaire.

Meastar gur forbairt an-tábhachtach é seo. Is fada mná ag gearán go mbíonn fir ag stánadh ar a gcíocha gan a bheith ag éisteacht leo.

Scéal a Dó

Tá imní ar shaineolaithe go mbeidh sceimhlitheoirí in ann eitleán a scriosadh le pléascán in ionchlannán cíche. Is féidir go bhfuil máinlianna ag obair ar a leithéid i Yemen nó i bPakistan anois díreach, a deir siad.

25 Márta 2010

“Just say no.”


Toradh Tragóideach na hAoise
Bíodh ciall agaibh, a pháistí!

NÁ TÉIGÍ IN AOIS!!

Uair an Chloig na Talún


Níl “Uair an Chloig na Talún” chomh gonta* le Earth Hour, ach tá sí ag teacht! Níl le déanamh le dea-ghuí don talamh (agus dúinn féin) a thaispeáint ach na soilse a mhúchadh ó 8:30 go 9:30 Dé Sathairn. Tá solas na gcoinnle an-deas, agus nach bhfuil beagán fíona is beagán comhrá níos fearr ná an bosca sa chúinne (nó an scáileán ar an mballa)?

mar a bhfuil na soilse

Canberra, An Astráil

Má tá dearcadh eile ó twit Sasanach uait, áfach, féach seo.

* Is beag teanga atá chomh gonta leis an mBéarla, ar ndóigh: La Hora de la Planeta, L'Heure de la Terre, etc. Níl a fhios agam an bhfuil leagan Gearmáinise ann ar chor ar bith.

24 Márta 2010

365



Níos luaithe an mhí seo, phléigh mé an abairt seo as Cath Maige Tuired:

Íar sin roadhnocht lia Díen Cécht Míoach ⁊ ásaid cóic lube sescut ar trí cétuib tresin athnocul fo líon a altai ⁊ féthe.

Ansin d'adhlaiceadh Miach le Dian Céacht agus d'fhás trí chéad seasca cúig luibh tríd an adhlacadh, líon a alt agus a fhéitheacha.

Ansin, léigh mé an méid seo inné ar an Wall Street Journal san alt “Decoding an Ancient Theory” :

“Many of the 365 acupuncture points correspond to nerve bundles or muscle trigger points.”

Ansin rinne mé cuardach Google le “ar trí cét” agus fuair mé an sliocht seo as Auraicept na nÉces:

... ar ita coic alta sescat ar tri cet i nduine, a coic sescat ar tri cet aisti archetail, 7 coic laithi sescat ar tri cet isin bliadain 7 a coic sescat ar tri cet du luibib tre thalmain ...

... óir tá trí chéad seasca cúig alt i nduine, trí chéad seasca cúig meadaracht i bhfilíocht, agus trí chéad seasca cúig lá sa bhliain agus trí chéad seasca cúig luibh as an talamh ...

Uabh! Tá 365 ar fud na háite... i ndomhan na smaointeoireachta draíochtúla ar aon nós.

seanrá



Ní cleas é go ndéantar trí huaire é.

23 Márta 2010

Google abú!



Tá comhghairdeas agus buíochas mór ag dul do Ghoogle as an bhfód a sheasamh in aghaidh cinsireachta sa tSín. Mo cheol thú, Sergey Brin!

“Thuig muid, de réir a chéile, go raibh muid ag déanamh dochair, ní hamháin dúinn féin, ach do phobal na Síne.”

“Séard atá i gceist, dar liomsa, ná stair a chaomhnú agus a chur ar fáil do chách.”


22 Márta 2010

Céard atá cearr....


... sa phictiúr seo?

21 Márta 2010

cúram sláinte



Den chéad uair riamh, beidh cúram sláinte ar fáil do dhaoine bochta (agus do dhaoine dífhostaithe nach bhfuil beo bocht fós) sa tír seo ar bhonn rialta. Tháinig an dlí nua seo isteach anocht a bhuí le hObama agus a pháirtí. Níor chaith fiú is Republican amháin vóta ar son an dlí. Tá páirtí an doichill á dhéanamh féin neamhábhartha en masse.

Ceist: Cad é an difríocht idir Democrats agus Republicans?

seanfhocal ar chraiceann


Tá a fhios agaibh go bhfuil an-suim agam sna litreacha, ón Oghamchraobh anuas, a d'úsáidtí agus a úsáidtear le Gaeilge a scríobh. Tá a lán de na litreacha seo le fáil ar chraiceann ainmhithe (laonna go háirithe in Éirinn) sna lámhscríbhinní. Ach anois tá siad le feiceáil ar chraiceann beo chomh maith. Is ró-mhinic a dhéantar praiseach de thatú i nGaeilge nó in Ogham, ach tá eisceachtaí áille ann freisin. Is maith liom an ceann nua seo atá le feiceáil ar cholpa Karen atá ina cónaí san Astráil.



An té ná fuil léim aige, cuimlíodh sé a thóin den gclaí.

Mínítear an seanfhocal seo anseo.


Go maire tú é, Karen!

Is leor pictiúr amháin (nó trí) ...





20 Márta 2010

stair na cruinne


NB: Is do Dhubhaltach go háirithe a chuir mé an bhlagmhír seo le chéile.

I dtús báire is in aon phointe amháin a bhí pobal uile na cruinne.


Seo iad .000000000023 soicind tar éis na hollphléisce.

(Níl mé cinnte, ach is féidir go bhfuair siad an bosca teileafóin ó Dr. Who.)

Mar a dúirt Sean-Qfwfq sa ghearrscéal “Tutto in un punto” le Italo Calvino in Cosmicomiche:

Si capisce che si stava tutti lí, -fece il vecchio Qfwfq,- e dove, altrimenti? Che ci potesse essere lo spazio, nessuno ancora lo sapeva. E il tempo, idem: cosa volete che ce ne facessimo, del tempo, stando lí pigiati come acciughe?

“Bhíomar uilig ansin, ar ndóigh,” a dúirt Sean-Qfwfq. “Cén áit eile a bheimis? Ní raibh a fhios ag aon duine go bhféadfadh spás a bheith ann. Nó am ach oiread. Cad a dhéanfaimis le ham, brúite le chéile ansin ar nós sairdíní?”

Nóta stairiúil: Seo an Ghàidhlig a chuir mé air. Nocht an t-aistriúchán a rinne mé, “Uile ann an Aon Phuing,” in Gairm: An Ràitheachan Gàidhlig in uimhir 119 (Samhradh 1982):

Gu nàdurrach, bha sinn uile ann an siud -- arsa Seann Qfwfq -- càit eile am bitheamaid? Cha robh fhios aig duine fhathast gum b'urrainn farsaingeacht a bhith ann. No tìm na bu mhotha: dè am feum a bh'againn air tìm, agus sinne dinnte ann an siud mar shàrdainean.

19 Márta 2010

Pádraig agus Liber


Liber le cantharus (cuach fíona) agus a pheata pantar taobh leis

Le linn dom an bheathaisnéis Cicero: The Life and Times of Rome's Greatest Politician le Anthony Everitt a léamh inné, d'fhoghlaim mé go mbíodh féile eile ar 17 Márta fadó, an Liberalia. Dia na torthúlachta agus na síolta ab ea Liber, agus uaireanta ba bheag an difear idir eisean agus Bacchus, dia an fhíona. Bhíodh paráid ar an lá sin ag na Rómhánaigh. In áit na mbannaí ceoil agus na rinceoirí céime, áfach, séard a bhíodh i gceartlár an mhórshiúil ná fallas ollmhór!

Imbolc: Inspioráid na Bliana



Suíomh ar fiú súil a thabhairt air: Imbolc.

18 Márta 2010

an daonáireamh


Tháinig an tuairisceán daonáirimh sa phost arú inné. Tagann sé gach deich mbliana. Tá an tuairisceán a fuair muid i mBéarla, ach tá sé ar fáil ins na céadta teanga eile. Bhuel, níor chomhair mé iad. A lán lán teangacha. I nDinka. I Chuukese. In Ilocano. Ní i nGaeilge, ar ndóigh (toisc go bhfuil chuile mhac máthar agus iníon athar againn dátheangach).

An aithníonn tú an teanga ar an tuairisceán seo thíos?

Aithníonn, a deir tú. Maith thú! Anois, an bhfuil a fhios agat cén fáth a bhfuil an teanga seo difriúil leis na teangacha eile atá ar fáil ar an tuairisceán céanna?

Cliceáil leis an íomhá a mhéadú.

an gairdín gluaiseachtach



An bhfeiceann sibh na plandaí bídeacha ag péacadh as an úir? Tá an úir i leaba mo thruiclín. Tá an truiclín páirceáilte ar an tsráid. Chuir mé na síolta ± trí seachtaine ó shin. Seo grianghraf dá bhfuil mé ag súil leis:



Thóg mé an pictiúr seo i Mí an Mheithimh 2007, nuair a bhí an mobile meadow faoi bhláth. Thaitin sé go mór leis na comharsana!

17 Márta 2010

léaráid le Brian Cronin



Is breá liom an “duine litreach” seo -- nó an éan atá ann? Brian Cronin a dhear é agus nocht sé in éineacht le halt le Thomas Cahill (How the Irish Saved Civilisation) ar an leathanach op-ed den New York Times inniu. An gnáth-bhlarney leath-stairiúil / leath-shamhlaíoch atá san alt le Cahill, ar ndóigh. Má tá suim agat sa leithéid, tig leat é a aimsiú ar an idirlíon gan dua.



Is i mBaile Átha Cliath a rugadh is a tógadh an Cróiníneach. Tá sé ina chónaí i Nua-Eabhrac faoi láthair.

na nathracha arís


Slán go deo le “sciorr" is "sios"!

Theresa Illés a tharraing an pictiúr seo. Ach Naomh Pádraig i riocht caorach? Caithfear a thuiscint gur chum Theresa sraith de léaráidí don leabhar Sengoídelc: Old Irish for Beginners le David Stifter cúpla bliain ó shin. Is caoraoigh iad na carachtair ar fad sna léaráidí, agus labhraíonn siad uilig Sean-Ghaeilge.


is limm-sa a mbúaid

15 Márta 2010

grian & scáth



Cá bhfuil an bhalastráid seo?

fíorghrá



Níl sé dathúil, ach is liomsa é.

“Ní raibh ciall d'éadaí agam riamh. Ach anois...”



“Is é Íosa mo Shiopaeir Pearsanta.”

12 Márta 2010

ag tiomáint na nathracha as Éirinn



Is breá liom an cartún seo. Is léir, ó liobarnacht mo chuid oibre anseo, gur mise a chuir an Ghaeilge in áit an Bhéarla ... le gliú.



Agus seo leagan eile den chonsaeit chéanna, le Tim Nyberg. “Éireannaigh gan cáipéisí inimirce” ??

Lá 'le Pádraig


Lá Fhéile Pádraig


An lá a dtagann na hamaitéaraigh amach!

“In the Land of Invented Languages”



Fuair mé cóip nua den leabhar seo ar leathphraghas an tseachtain seo caite. Sciob mé liom é. Léamh luath taitneamhach a bhí ann. Tá Okrent an-eolach ar chúrsaí teangan. Níos fearr fós, rinne sí taighde pearsanta i measc na nEsperantóirí, na Lojbanóirí, na Klingonóirí agus eile. Chuir sí dua uirthi féin cuid mhaith de na trí theanga seo a fhoghlaim, mar sin tá dearcadh ón taobh istigh aici ar na créatúir seo. Is léir go bhfuil meas aici orthu agus ar lucht a n-ionramhála, bíodh is gur greannmhar go minic a cur síos orthu. Tá scéal na dteangacha saorga, ó Hildegard von Bingen go dtí an Athbheochan, agus ón naoú haois déag go dtí an lá atá inniu ann, ar fáil anseo, á chur i gcomhthéacs stair na hEorpa: stair na heolaíochta, na polaitíochta, agus na healaíne.

Is cosúil go mbeidh an leabhar ar fáil i gclúdach bog go luath, más fíor do amazon.co.uk.

11 Márta 2010

iPhone app



Níl sé agam. Níl fón póca agam, gan trácht ar iPhone. Ach rith sé liom go mbeadh sé seo an-deas mar bhronntanas, ar ócáid Lá 'le Pádraig, do dhuine atá ag iarraidh Gaeilge a fhoghlaim. Is cosúil go mbeidh sé ar fáil saor in aisce, i SAM ar aon nós, go dtí deireadh 17 Márta ón siopa iTunes.


10 Márta 2010

An rud a chonaic mé...


... tráthnóna inniu agus mé ag siúl abhaile. Bhí siad ag guairdeall go maorga os cionn na comharsanachta.


Fuair mé na hiolair mhaola seo ar an idirlíon, ach is é seo go díreach an pictiúr an chonaic mé.

paidir don scríobhaí


D'iarr Dubhaltach orm Nua-Ghaeilge a chur ar an rann seo, a d'fhág scríobhaí anaithnid i lámhscríbhinn atá sa Bhruiséil anois. Míniú idirlíneach atá sa mhéid seo a leanas seachas aistriúchán ceart.

For cubhas caich léghfas leir
Ar choinsias gach duine a léifidh go cúramach

ocus fegfas senadh sir,
agus a fhéachfaidh sean-nath (= dán, etc.) síor

tabradh bennachtain in Uain
tugadh sé beannacht an Uain

for anmain an truaigh roscrib.
ar anam an truáin a scríobh.

Agus seo impí eile den chineál céanna ón Leabhar Breac:


Eogan og & tabuir bennacht do rath
m'anama, a duine trocairigh eigin

09 Márta 2010

“Mise Miach”


Summer Arm (2007) Robert and Shana ParkeHarrison

Mise Miach

Mise Miach,
mac an athar
a mharaigh mé agus
a mhill an cnuasach
a rinne Airmheadh.

Tá beatha agus sláinte
i ngach ball
de mo chorp,
scaipthe anois,
ag fás ar fud
gleannta is sléibhte.

Is méanar don té
a chuirfeas in ord
is in eagar mé.

Scríobh mé an dán seo ± deich mbliana ó shin.

aistriúcháin le Google



Tá alt sách suimiúil sa New York Times inniu ar Google translate anseo.

Agus tá samplaí de na haistriúcháin a dhéantar leis anseo. Déanann sé jab maith ag aistriú Fraincise go Béarla, de réir dealraimh. Ní éiríonn leis chomh maith sin le Rúisis is Araibis. Rinne mé triail anois díreach le cúpla abairt a scríobh mé féin ar maidin sa bhlagmhír roimhe seo:

Ach tá an miotas céanna le feiceáil sna scéalta seo uilig: cruthú nua as baill chorpartha an fhir a híobraíodh. Ní cruthú na cruinne iomláine atá i gceist sa scéal Éireannach, ar ndóigh, toisc go raibh scéal eile i réim ó theacht na Críostaíochta i leith. Séard atá againn i scéal Mhiach ná leagan caolaithe den seanscéal, macalla de.

Seo é an t-aistriúchán a fuair mé ón suíomh:

But the same miotas seen in all these stories: the creation of new members from the men who híobraíodh physical. Not causing the whole world involved in the story of Ireland, of course, because that was another story in the scope of the coming of Christianity in particular. What we have in Mhiach story is diluted version of seanscéal, echo de.

Hmmm.

Miach: macalla mhiotas an chruthaithe?


पुरुष

Bhí Puruṣa, nó Purusha, an Fear Cosmach, beo sa mhiotas Véadach. Mharaigh na déithe é agus rinne siad an chruinne as baill a choirp: an ghrian as a dhá shúil, an t-aer as a anáil, agus mar sin de.

Bhí Pangu beo sa tSín. Scar sé an spéir ón talamh. Faoi dheireadh fuair sé bás. D'fhás an ghrian as a shúil chlé agus an ghealach as a shúil dheas, an ghaoth as a anáil, agus mar sin de.

Bhí Ymir beo i nGinnungagap, Anord príomhordúil na miostaseolaíochta Lochlannaí. Saolaíodh Odin agus a bheirt deartháireacha (sin scéal eile!) agus mharaigh siad Ymir. Chruthaigh siad Midgard, an talamh s'againne, as a chorp: na sléibhte as a chuid cnámh, na locha as a fhuil, agus mar sin de.

Fir ollmhóra a bhí sa triúr seo, fathaigh, murab ionannn agus Miach. Cruthaíodh an domhan uile as a gcorp. Cruthaíodh na luibheanna íce as corp Mhiach, sin an méid. Ach tá an miotas céanna le feiceáil sna scéalta seo uilig: cruthú nua as baill chorpartha an fhir a híobraíodh. Ní cruthú na cruinne iomláine atá i gceist sa scéal Éireannach, ar ndóigh, toisc go raibh scéal eile i réim ó theacht na Críostaíochta i leith. Séard atá againn i scéal Mhiach ná leagan caolaithe den seanscéal, macalla de.