02 Samhain 2009

breacaireacht



Níl a fhios agam céard ba cheart dom a thabhairt ar an líníocht (?), dearadh (?), breacaireacht¹ (?) seo a chuir an scríobhaí faoi chorp an téacs ar leathanach 74v in Leabhar Mór Leacain. Ní dóigh liom go bhfuil aon bhaint aige, ó thaobh na híocónagrafaíochta de, leis an téacs atá os a chionn (nó ina ucht, nó idir a lámha) : “nā aenar trā an tigearna”. NB gur tiarna saolta atá i gceist anseo, ní An Tiarna. Cuireann sé an bhreacaireacht² thíos, Cloch Chluain Tuaiscirt, i gcuimhne dom. Tá trí bhall i riocht croise fúthu beirt. Agus tá cuma an chuach, a bheag nó a mhór, ar an gcuid uachtarach. Thairis sin, níl teoiric ar bith agam. Ach taitníonn sé liom.

1. doodling
2. carving, engraving

2 comments:

  1. an Tríonóid le sciatháin atá ann, b'fhéidir?

    ReplyDelete
  2. Is cos é an sciathán ar thaobh na láimhe deise.
    ;-)

    ReplyDelete