06 Samhain 2009

Major Nidal Malik Hasan, M.D.



Seo é an saighdiúr Meiriceánach a dhúnmharaigh triúr daoine déag inné ag Fort Hood. Is síciatraí é. Dúirt mo mháthair riamh nach raibh “dochtúirí cinn” iontaofa. Deireadh sise go ndeachaigh siad haigneolaíocht toisc go raibh fadhbanna ina n-aigne féin. Is dóigh liom go raibh an ceart aici.

Nóta foclóireachta: tá an focal “inmhuiníne” in De Bhaldraithe, ach níl sé in FGB ná ag focal.ie. Ar an láimh eile, tá sé in úsáid ar fud an idirlín. Maidir le “intrust”, an focal a bhí mé ar tí cur i mbéal mo mháthar, ní fheicim aon áit é, cé go bhfuil mé cinnte go ndeirtear é.

9 comments:

  1. Maidir leis an nóta.

    Bheadh inmhuiníne intuigthe agam, agus sílim gur chuala mé é.

    Tá "Níl sé le trust" cloiste agam, ach ní dóigh liom gur chuala mé intrust.

    Maidir leis an eachtra, níl mó dhóthain eolais agam.

    ReplyDelete
  2. Tá an marú cosúil le galar atá i mbosca Pandóra. Ná hosclaítear é!

    ReplyDelete
  3. le trust Sea, gan dabht. Is dócha gur mheasc mé "iontaofa” agus “inmhuiníne” leis i m'intinn.

    ReplyDelete
  4. Nach í an aidiacht bhriathair "trusta" a gcuirfí le "in-" sa chás seo?

    Dála an scéil, nach deargLochlannachas é an focal "trust"?

    ReplyDelete
  5. Scéal olc ag muintir Mheiricea gach rud faoi an Afghanastáin.An cogadh ag leanúint ar aghaidh ro-fhada, saghdiúirí á mharú agus an chosmuintir ag éirí mi-fhoidheach, rémheas Karzi lofa ar ais igcumhacht agus mar bharr ar an dónais cúrsai go mór trina chéile thar teorann sa Phacastáin agus an baol ann go geobhaidh Al Quida a mhéar ar an chnáipe núicléach, saghas Viernaem in ath-uair.

    ReplyDelete
  6. Sílim go bhfuil sé spéisiúil nár luaigh tú a chreideamh.

    ReplyDelete
  7. An mbeifeá ag súil lena chreideamh a bheith luaite dá mbeadh cúlra Eorpach aige?

    ReplyDelete
  8. Ní bheadh, ach ós rud é go mbaineann a chreideamh leis an ábhar bheinn ag súil.

    Agus nílim ach ag rá go gceapaim go bhfuil sé spéisiúil

    ReplyDelete
  9. Níl fianaise do sin ann - fós. De bharr an creideamh atá aige, bheadh sé éasca an milleán a chuir ar a chreideamh.

    Is léir go raibh fadhbanna aige, agus b'fhéidir tionchar ag a leagan den gcreideamh orthu. Ach is mithid fanacht ar an bhfianaise.

    Ceist eile ná conas ar tharla sé gur theip ar lia intinne, a bhí ina chuid d'fhoireann a raibh cúram saighdiúirí ag filleadh ón gcogadh, san dóigh seo. Cheapfá go mbeadh rud éigin tugtha faoi ndeara ag duine éigin!

    Beidh le feiscint.

    ReplyDelete