Tráth den saol in Éirinn, bhíodh “setting adrift” in úsáid mar phionós. Seo sliocht as Corpus Iuris Hibernici (v. ii, 744.32-35) :
Duine seo curtar a cliab aenluaiste amach for muir ina cintaib anfoit no inndethbiri torba in airet is leir geilsciath for muir; lon menaidhe aenaidhce lais, 7 geann orda tri ndornd ina laim ac dingbail aithide in mara de.
Cuirtear an duine seo amach ar muir chomh fada agus atá sciath gheal infheicthe, i gcurach le céaslach amháin, de bharr coireanna nó damáiste a rinne sé le faillí. Bíonn lón bia¹ aon oíche leis, agus casúr² ina láimh le héin na mara a ruaigeadh.
1. menadach, praiseach déanta as min agus uisce, le bheith cruinn
2. rud éigin cosúil le casúr, de réir dealraimh; níl an cur síos air ró-shoiléir
Tagann baincéir nó dhó chun cuimhne agus mé á léamh seo...:-)
ReplyDeleteSin é a Áine :)
ReplyDeleteTá pobalbhreith san Irish Times ar maidin ag cur na ceiste "Ar chóir dúinn pionós an bháis a thabhairt isteach in athuair?"
Seans go mbeidh muid ag dul thar fóir le pionós an bháis, ach bheadh tréimhse fhada ar bhád sa bhfarraige amuigh níos oiriúnaí dár sochaí.
Bhuel, b'ionann an píonós thuas agus pionós an bháis go hiondúil.
ReplyDeleteBa cheart córas na n-éiric a thabhairt thar nais!
Pionós an bháis b'fhéidir, ach le seans tugtha!
ReplyDeleteTá córas na n-éiric fós i bhfeidhm, i measc lucht coiriúlachta i Luimneach!
An raibh sciath gheal ag Feidhlimí agus é amuigh ar muir i mbáidín Fheidhlimí?
ReplyDelete