25 Samhain 2009

ilchruthach


Tá seanlitreachas na Gaeilge lán de shape shifters, daoine nó déithe a ghabh riocht eile orthu féin. Mar shampla:

Ra giult-sa a mbasa os; ra shenaus a mbasa eó, a mbasa rón; a ráth a mbasa cú allaid; imma-rulod a mbasa duine.
(eagrán le John Carey)

Rinne mé a innilt nuair ba fhia mé; rinne mé a shnámh nuair ba bhradán, ba rón mé; a rith nuair ba chú allta mé; shiúil mé é nuair ba dhuine mé.
(Tá ógánach osnádúrtha ag caint le Colm Cille faoi loch a bhí ina thalamh tirim tráth.)

Co n-accat ní iar suidiu batar delba doíne in da ṡinén hísin. Ataciat iar suidiu batir é a ndá muccid. (LL 246b, De Cophur in Da Muccida)

Ansin chonaic siad go tobann go raibh riocht daoine ar an dá fhiach sin. D'aithin siad an dá mhuicí ansin.

Tanautatsom in tsod meic tíre doimairg na bú fair síar. Léicidsom cloich asa tailm co mebaid a súil ina cind. Téite i rricht samaisce maíle derge. (LU 77a, Táin Bó Cúailnge)

Ionsaíonn an mac tíre baineann é agus tiománaíonn sí na ba siar air. Teilgeann seisean cloch as a thailm a bhriseann a súil ina ceann. Téann sí i riocht samhaisce maoile deirge.
(An Mhor-ríon agus Cú Chulainn atá i gceist anseo.)

Ach ní raibh focal againn ar an duine seo go dtí le fíor-dhéanaí, a bhuí le focal.ie. Tá an focal “ilchruthach” le fáil in FGB, ceart go leor, ach níl ann ach aidiacht a chiallaíonn “many-shaped, multiform, polymorphic”.

Agus seo agaibh radharc eile ar an ilchruthachas:



7 comments:

  1. Deacair na mná a shárú...:-)

    ReplyDelete
  2. N'fheadar. Nach mbíonn na hairí céanna ag rud atá il-X i gcónaí?

    Cheapfá go mbeadh claochlóir nó rud éigin mar sin níos fearr.

    ReplyDelete
  3. Tá “claochlóir” ann cheana féin in FGB leis an mbrí “(of device) converter”, agus ag focal.ie mar a bhfuil “transformer” (an bréagán?) air.

    ReplyDelete
  4. Ní bréagán, ach fearas chun voltais aibhléis a athrú.

    Dar ndóigh, shape shifter atá sa bhréagán!

    ReplyDelete
  5. Sea, bíonn tionchar ilchruthach ag an bheoir uaireanta ar chuid de lucht ólta na beorach ...

    An Tiger Beer na Téalainne atá i gceist?

    ReplyDelete
  6. Is dóigh liom gur thosaigh Tiger i Singapore, nuair ba chuid den Mhalaeisia é.

    ReplyDelete