02 Samhain 2009

B-anna barócacha


Bhí an scríobhaí seo ag cóipeáil téacs dlí ar thosaigh gach paragraf de leis an bhfocal “Blai” (= díolúine, exemption). Bhí deis aige mar sin an cheannlitir B a scríobh 43 uaire! Tá chuile cheann acu difriúil leis na cinn eile. Is léir gur bhain sé sult as an bpeannaireacht seo. Seo agaibh ceithre cinn acu.






5 comments:

  1. Go raibh míle maith agat as iad a chur os ár gcomhair.
    Seoda ealaíonta is ea iad i ndáiríre.
    Cad a deireann siad dúinn faoin scríobhaí a bhí ag déanamh na cóipeála den téacs dlí?
    An bhféadfá a mhaíomh nach raibh mórán suime aige sa téacs a bhí sé ag cóipeáil?

    ReplyDelete
  2. Sea, is feídir go raibh na cinnlitreacha mar dhuais aige. Is deacair a rá an raibh suim aige sa téacs nó nach raibh. Is minic a bhíonn béarlagair an dlí (“Béarla Féine”) deacair a thuiscint. Níl a fhios agam an bhfuil an chóip a rinne sé cruinn agus iomlán, ach tá a pheannaireacht go hálainn tríd síos, soiléir agus tomhaiste.

    ReplyDelete
  3. Is maith liom iad, a Dennis. Is dócha go raibh sé bréan den obair laethúil, agus gur ealaín éalúchais iad na B-anna sin - rud beag cosúil le blagáil...:-)

    ReplyDelete
  4. Dennis: Samhlaítear domsa, agus do ghrá mo chroí, go bhfuil cruth éin ar gach ceann de na “B-anna”. Féach go bhfuil cosa fúthu agus is féidir ceann, agus, ar uaire, gob a fheiceáil. An bhfuil sa tSeanGhaeilge focal d’éan a thosaíonn le “B”?

    ReplyDelete
  5. Níl. Tá "bunnán" (bittern) ann, ach níl aon fhianaise againn go bhfuil sé chomh hársa sin mar fhocal. Tá mé réasúnta cinnte go bhfuil litreacha eile ann sna LSS a bhfuil cruth an éin orthu. Is cuimhin liom éan-b amháin i Leabhar Cheanannais. Caithfidh mé pictiúr de a aimsiú.

    ReplyDelete