27 Samhain 2009

“Black Friday”



Abhus anseo i Meiriceá tugtar Black Friday ar an lá ar lorg Lá an Altaithe. Lá mór siopadóireacht atá ann, mar bíonn a lán earraí ar fáil ar lascaine inniu. Shíl mé riamh gurb aisteach an t-ainm a baisteadh air. Tá laethanta eile ann atá “dubh” i mBéarla, agus tá baint acu uilig leis an stocmhargadh: laethanta ar thit an tóin as, le bheith cruinn: Black Monday, Black Tuesday, etc.

An míniú a théann thart anseo ná go bhfuil an lá seo “dubh” toisc go mbeidh na siopadóirí in the black arís tar éis lá mór seo an díolacháin, má bhí siad in the red roimhe seo. Baintí úsáid as dúch dubh le brabús a thaispeáint, tráth den saol, agus as dúch dearg le haghaidh caillteanais. Níl a fhios agam an bhfuil an meafar seo ar fáil dúinn i nGaeilge.

4 comments:

  1. An mbeadh na siopadóirí sásta le brat na nAinrialach mar mheirge?

    Maidir leis an meafar, is dóigh liom go bhfuil sé ilteangach. Tá sé sa Ghearmáinís cinnte.

    ReplyDelete
  2. Úsáidtear "schwarze Null", mar shampla, sa Ghearmáinis le heaspa fhéich nó easpa chaillteanais a chur in iúl. Nuair nach bhfuil seans ar bith ann go mbeadh brabús le tuilleamh agat nó go mbeadh a lán airgid sa chuntas agat ag deireadh na míosa is é an t-aon dóchas is féidir a bheith agat ná an "náid dubh" a bhaint amach.

    Is mór an taithí atá agam...

    ReplyDelete
  3. Thogh mé an meirge úd ar mhaithe lena chruth grafach. Má léitear ó chlé go deis* é tá an dubh ag dul i méid. Rinne muidne ár bpáirt inné.
    :-)

    * Bhíos ar tí “ó chlé go deas” a scríobh, ach bhuail splanc braiteoireachta mé agus chuaigh mé go FGB mar a bhfuair mé “ó dheis go clé”. Ach nuair a chuaigh mé go Google leis an abairt “ó chlé go" fuair mé a lán samplaí de “go deas” ann freisin.

    ReplyDelete
  4. Táim ar deargbuile le mo bhean a chaith a raibh againn ar mhála Prada, agus dubhbhrónach nach bhfuil pingin rua fághta againn.

    ReplyDelete