07 Samhain 2009

An Ceithearnach Caolriabhach



Lá báistí a bhí ann inné agus thosaigh mé an lá sa leaba, le muga café au lait, dhá nuachtán (NYT agus WSJ), cat amháin (Michael) in aice liom, agus leabhar (athláimhe, cosúil le nua) a fuair mé sa phost an lá cheana: An Ceithearch Caolriabhach. Darach Ó Scolaí a rinne na léaráidí (do dhaoine fásta) agus an t-eagrán nua den scéal i nGaeilge an lae inniu. Chríochnaigh mé an scéal ansin sa leaba agus bhain mé an-phléisiúr as.

Tá seanscéal mar seo cosúil le cairpéad draíochta. Tá cuma chearnógach air. Tá seanphatrúin ann, agus ornáidí cainte a úsáidtear arís is arís i ndóigh rialta, ach le mionathraithe. San am céanna, tá sé ildathach, coimhthíoch, agus lán le lúbanna áiféiseacha. Tá sé de bhua aige tú a iompar isteach i saol eile gan dua dá laghad.

Dála an scéil, ghreamaigh mo shúil d'abairt amháin, ó tá suim ar leith agam i nathanna mar seo:

‘Ní rachaidh,’ arsa an Ceithearnach, ‘óir is mil i mbolg an chrochadora ealaín mhaith ag duine gránna.’

Níl a fhios agam cá bhfuair an Scolach an íomhá seo. Níl mil ná bolg sa bhunleagan a fuair mé in Silva Gadelica:

Ní rachad ar in cetharnach, óir ní bhiad acht mar chrochaire ghránda dhénfadh ealada do dhaoinib maithe.

Is fearr liom an leagan atá san insint nua seo!

5 comments:

  1. An bhfuil a fhios agat cheapas gur leabhar do pháistí a bhí sa cheann seo!
    Ach anois feicim go dtagann sé le rabhadh Béarla "Warnig" ar an gclúdach.

    Taitníonn an stíl sna seanscéalta seo liom (Feis Tigh Chonáin agus scéalta dá leithéid), go háirithe na hornáidí cainte a úsáidtear arís agus arís mar a dúirt tú.

    Cé mhéad a bhí air?

    ReplyDelete
  2. $18.28 móide post & pacáil $3.99 = $22.27 = ± €15
    ó dhíoltóir sa Ghearmáin trí Amazon.com

    ReplyDelete
  3. De bharr go raibh sé breá daite, bhí sé de nós ag ceannaitheoirí leabhair é chuir i measc na leabhair do ghasúir! B'éigean an lipéid a chuir air dá bharr.

    ReplyDelete
  4. Níl a fhios agam an mbeadh Ó Scolaí sásta é seo a chloisteáil, ach cuireann a chuid léaráidí Ralph Steadman i gcuimhne dom... agus is dóigh liom gur moladh nach beag é sin! An cuimhin libh na léaráidí a rinne Steadman do The Poor Mouth, an t-aistriúchán Béarla le Patrick Power?

    ReplyDelete
  5. "Níl a fhios agam cá bhfuair an Scolach an íomhá seo."

    An féidir liom ceist a chur i dtaobh an phrás sin... ?

    Where does the word "Scolach" come from? I've heard that my name, Scully, may derive from the genitive of Scolach, scholar, but actually it turns out that scholar is "scolaire" as Gaeilge... so... d'you think you might tell me where you get this word Scolach from? I'd really like to know... cscupost AT hotmail.com
    Criostóir

    ReplyDelete