19 Samhain 2009

scéal an dá chaor


Tá caor againn in iarthuascairt Mheiriceá agus Cheanada a dtugtar saskatoonserviceberry uirthi. Tá sí an-chosúil le fraochán, ach tá níos mó síolta inti agus tá blas péitseoga agus fanaile le brath uirthi. Bhí ard-mheas ag na hIndiaigh orthu mar bhia. Cnuasaím cúpla cárt díobh de ghnáth i Mí an Mheithimh. Ar an drochuair ní raibh an toradh go maith i mbliana, ach sin scéal eile.


Tá caor eile ann atá dúchasach don tír seo a dtugtar snowberry uirthi. Tuigtear dom go bhfuil sí le feiceáil i bhfálta ar fud Éireann anois freisin. Is aisteach an planda é. Tá a chaora chomh bán le sneachta, tá siad searbh, agus fanann siad ar na géaga ar feadh an gheimhridh tar éis do na duilleoga titim ar lár. Tá cúpla tom ag fás anseo taobh thiar den teach agus tá na caora an-fheiceálach.


Tá ainm eile ar an gcaor seo: corpse berry. De réir scéalta na ndaoine dúchasach sna bólaí seo, tá gach uile rud bunoscionn san alltar, sa saol eile. Bíonn na daoine thall ina gcodladh de ló agus ina ndúiseacht d'oíche. Tá caora sascatún sa tír sin, ceart go leor. Ach is bán atá siad. Is caora sneachta iad. An t-ainm atá ar na caora sneachta i scéal St'át'imc ná “caora sascatún na ndaoine i dTír na Marbh”. Is maith liom an t-ainm sin. Is álainn na caora iad, ach tá mílí an bháis orthu san am céanna.

4 comments:

  1. Scéalta suimiúla, agus grianghraif áille, uait i gcónaí, a Dennis. Maith thú!

    Is maith liom an focal sin 'alltar'. Ceist agam ort ...an bhfuil baint ar bith ag an bhfocal sin leis an bhfocal 'altóir'?

    ReplyDelete
  2. Is maith liom an siméadracht sa léiriú agus na caora bána ina gclaonchló dena caora eile.

    ReplyDelete
  3. Is iasacht ón Laidin é an focal “altóir”, ach is focal dúchasasch é “alltar”.
    Agus is péire iad “an t-alltar” (the far country; the other world in FGB) agus “an ceantar” (this world, sainmhíniú a dó in FGB).
    Tá dhá chuid in “alltar”:
    1) “all” (= yonder atá le feiceáil in “thall, anall, allúrach”; agus
    2) “-t(h)ar”, iarmír atá againn in “uachtar, íochtar, oirthear, iarthar”.

    ReplyDelete
  4. Bhí a fhios agam go mbeadh an freagra agat! Go raibh maith agat, a chara.

    ReplyDelete