15 Samhain 2009

Aramais


Tá ar a laghad dhá fhocal sa Ghaeilge a tháinig ón teanga seo. Tá ceann amháin acu an-chosúil leis an bhfocal Aramaise. Chuir ár sin-sin-sinsir an ceann eile as a riocht níos mó ná míle bliain ó shin. Is é sin, ní bheadh Aramaiseoir (agus tá cúpla duine acu fágtha fós) in ann an dara ceann aithint ar chor ar bith. Tá an dá fhocal seo in úsáid fós. Seo cúpla leid daoibh faoin gcéad cheann.



x

7 comments:

  1. Ab, is dócha ón fhocal 'abba' - athair.
    Cad é an dara ceann?

    ReplyDelete
  2. An dara ceann: Áimeáin? Hallelulia? Nó rud éigin eile ar fad?

    ReplyDelete
  3. Sin é: “ab” ón nGréigis ἀββός, ón Aramais abbā = athair.
    An ceann eile? “Cáisc” ó pascha ó πάσχα ón Amarais פסחא pasḥā.

    ReplyDelete
  4. Gan amhras! Ach nach Eabhrais é sin?

    ReplyDelete
  5. Ní hea go beacht. Pesaḥ an Eabhrais atá air.

    ReplyDelete
  6. An tusa an fear ar an chlé sa ghrianghraf thuas a Dennis? ;)

    ReplyDelete
  7. Déanta na fírinne, níl a fhios agam cé hé do dhuine. Ní ABBA iad seo dáiríre, ach tribute band darb ainm Platinum ABBA.

    ReplyDelete