23 Samhain 2009

à chacun ses goûts














Rogha an Dá Chat

Is maith le Michael
pinn, tairní, agus
cipíní itheacháin:
slender stiff objects
de réir rangú
an bhriathair Navajo.
“Nítįįh,” a deir sé,
“tabhair rud atá
tanaí dolúbtha.”

Is maith le Molly
péisteoga, seilidí,
is bandaí rubair:
rudaí a dtéann
an focal rangaithe
tiáo (条) leo i Sínis,
toisc iad a bheith
fada, tanaí, solúbtha
ar nós eascainne.

6 comments:

  1. Tá cait cosúil linn féin, a Dennis - éagsúil!

    ReplyDelete
  2. Double entendre?
    Bhuel...
    Ach rith sé liom go bhfuil ball áirithe dár gcorp a bhfuil dhá fhocal rangaithe ag dul dó: tiáo (条) an chuid mó den am agus zhī (支) ó am go ham!

    Dála an scéil, is suimiúil an rud é nach ndeir na Francaigh double entendre ar chor ar bith.

    ReplyDelete
  3. Chuile dhuine agus a dtuiscint féin acu, a Shéamais...:-)

    Agus, a Dennis, cén leagan atá ag na Francaigh mura 'double entendre' é?

    ReplyDelete
  4. Níl sé furasta Fraincis a chur ar double entendre, creid é nó ná creid. Tá “double sens” ann: “une chanson à double sens,” mar shampla. Ach ní chiallaíonn sé sin ach go bhfuil dhá bhrí leis. Níl sé riachtanach go mbeadh ceachtar acu gáirsiúil nó greannmhar. Agus tá “sous-entendu” ann, ach is insinuation é sin, nó nod don eolach. Agus “calembour”, ach is imeartas focal é sin.

    ReplyDelete
  5. Suimiúil. Go raibh maith agat, a chara.

    ReplyDelete