30 Samhain 2009

séasúr ithecháin



Dar leis an bhfoclóir ar-líne Denshi Jisho, ciallaíonn an focal seo, kuidaore, “bringing ruin upon oneself by extravagance in food”. Is dócha go ndéanfadh “ceas a chur ort féin” gnó i nGaeilge, bíodh is nach bhfuil an abairt seo chomh taibhseach leis an gcoincheap i Seapáinis.

Is oiriúnach an focal é dúinne i Meiriceá anois díreach. Ritheann séasúr an itheacháin (nó an séasúr itheacháin?) anseo ó Lá an Altaithe go Lá Caille, gan stad gan staonadh. Ar mhaith leat píosa chocolate orange brioche? Tá ceann sa chistin.

5 comments:

  1. De bharr é seo a bheith léite agam, chuir mo choinsias iallach orm déanamh gan mhilseog ag am lóin inniu. Damnú ort!

    ReplyDelete
  2. Bhuel, tréimhse troscadh atá ann.

    Is trua nár éirigh liom freastal ar dhráma Dharach Uí Scólaí - Craos.

    Craoschéasta, seans?

    Craosbhriste?

    ReplyDelete
  3. Nach ag iarraidh an diabhal 'chocolate' a sheachaint atáim!

    Go raibh maith agat, mar sin féin, a Dennis...:-)

    ReplyDelete
  4. Seacláid, ááá. Léim ar fud na háite gur bia sláintiúil í, ach í a bheith dorcha. Deirtear gur frithocsaídeoir cumhachtach í, go n-íslíonn sí brú fola, agus go bhfuil tryptophan inti, réamhtheachtaí de serotonin, tarchuradóir néarógach a chuireann aoibh orainn.

    ReplyDelete
  5. Agus, gan amhras, tá sí blasta!

    I bhfad níos fusa seacláid dorcha a fháil abhus ná mar a bhíodh.

    Éagsúlacht bia ceann de iliomad dea thionchar an inimirce go hÉireann.

    Iontach domhsa ar mhúnlaíodh mo ghoile i lár na hEorpa.

    ReplyDelete