Tis the season... Ní féidir iad a sheachaint. Ach is féidir a mblas a mhaolú. Níl ag teastáil ach trí rud: bagún stríocach, figí, agus fínéagar balsamach. (Nach dóigh libh gur leor sin?)
2 spúnóg mhór ola olóige
4 - 8 unsa bagún stríocach, gearrtha ina phíosaí
punt amháin bachlóga Bhruiséile, gearrtha ina slisní
cupán amháin figí triomaithe, gearrtha ina gceathrúna (agus gearr na gais díobh freisin!)
salann & piobar
2 taespúnóg fínéagar balsamach
1. Cuir an bagún sa fhriochtán leis an ola go mbeidh sé donn.
2. Cuir na bachlóga, na figí, piobar, salann agus ¼ cupán uisce sa fhriochtán, measc go maith, cuir an clúdach orthu, agus ná bain dóibh go mbeidh siad bruite i gceann 5 - 10 nóiméad. Ní bheidh aon leacht fágtha faoin am sin.
Tá ocras orm anois. (Ach bíonn bachlóga agam sách minic, is maith liom iad)
ReplyDelete"is maith liom iad"
ReplyDelete:0 Dia idir sinn agus na bromanna