10 Samhain 2009

bachlóga


Tis the season... Ní féidir iad a sheachaint. Ach is féidir a mblas a mhaolú. Níl ag teastáil ach trí rud: bagún stríocach, figí, agus fínéagar balsamach. (Nach dóigh libh gur leor sin?)


Seo é an t-oideas a fuair mé ón Minimalist:

2 spúnóg mhór ola olóige
4 - 8 unsa bagún stríocach, gearrtha ina phíosaí
punt amháin bachlóga Bhruiséile, gearrtha ina slisní
cupán amháin figí triomaithe, gearrtha ina gceathrúna (agus gearr na gais díobh freisin!)
salann & piobar
2 taespúnóg fínéagar balsamach

1. Cuir an bagún sa fhriochtán leis an ola go mbeidh sé donn.

2. Cuir na bachlóga, na figí, piobar, salann agus ¼ cupán uisce sa fhriochtán, measc go maith, cuir an clúdach orthu, agus ná bain dóibh go mbeidh siad bruite i gceann 5 - 10 nóiméad. Ní bheidh aon leacht fágtha faoin am sin.

3. Measc an fínéagar isteach agus voilà!



2 comments:

  1. Tá ocras orm anois. (Ach bíonn bachlóga agam sách minic, is maith liom iad)

    ReplyDelete
  2. "is maith liom iad"

    :0 Dia idir sinn agus na bromanna

    ReplyDelete