10 Samhain 2009

“ur” - nod eile


Tá dhá dhóigh leis na litreacha ur a ghiorrú. Tig leis an scríobhaí an litir u a chur os cionn an chonsain, mar atá le feiceáil anseo:

curaid
curadh

Nó tig leis squiggle¹ cosúil le tonntracha a chur os cionn an chonsain:


curaid cétach
curadh céadach


cura sén soraid
gura séan soraidh

1. Cén Ghaeilge atá ar “squiggle”?

13 comments:

  1. Ceist nach mbaineann le hábhar, ach an bhfuil a fhios agatsa cén leathanach a thosaíonn "Imda gablán do cloind Chuind" i Leabhar Leacain?

    ReplyDelete
  2. Is breá liom go mór na ceachtanna beaga seo, a Denis. Ceist agam ort. Bhfuil áit/leabhar ar bith a bhfuil na nodanna seo ar fáil ann.
    Rinne mise staidéar ar phailéagrafaíocht na Gaeilge agus an Bhéarla nuair a bhí mé ar an ollscoil, mar chuid de chéimeanna Gaeilge agus Staire, ach is oth liom a rá go bhfuil an chuid is mó de dearmadta agam. Lastar lampaí beaga i m'intinn anois is arís nuair a léim do chuid nótaí anseo, agus ba bhreá liom foinse eolais a fháil a chuideodh liom dul i ngleic léi arís.
    Ní cuimhin liom aon leabhar a bheith in úsáid ar an choláiste. De réir mo chuimhne, ba ó threoir an oide a múineadh dúinn í. Ormsa go hiomlán atá an locht go ndeachaigh sí i ndíchuimhne.

    ReplyDelete
  3. Ní dóigh liom go bhfuil leabar mar sin ann, Phroinsias. Chuir mé treoraí beag le chéile ± deich mbliana ó shin agus chuir mo chara Gary Ingle suas ar an idirlíon anseo é. Tá na noda is coitianta le fáil ann, agus tá trí leabhar a bhaineann le hábhar liostáilte. Is fiú an méid a scríobh F. J. Byrne in The Irish Hand a léamh. Ach níl clár cuimsitheach de na noda Éireannacha le fáil i gcló áit ar bith, go bhfios dom, bíodh is go bhfuil fótachóipeanna agam de chúpla leathanach ón naoú haois déag a mhíníonn cuid de noda.

    ReplyDelete
  4. "Imda gablán do cloind Chuind"
    Tosaíonn sé ar leathanach 74r (LS 23 P 2, f. 74 r) le ceannlitreacha móra: IMda gablan...

    ReplyDelete
  5. Maidir leis an squiggle seo, an mbeadh cead agam “fiarlán” a thabhairt air?

    ReplyDelete
  6. Tá an focal "scrábáil" ann! Ach is fearr liom do mholadh.

    ReplyDelete
  7. Cead agat do rogha rud a thabhairt air!
    Tá dealramh le fiarlán, ceart go leor.

    Feicim gur cumasc de squirm agus wriggle atá san focal Béarla.

    Céard faoi lúbairne, mar sin?

    lúbarnaíl [ainmfhocal baininscneach den tríú díochlaonadh]
    lúbadh nó casadh ar nós na péiste.

    ReplyDelete
  8. Nó “lúbarnán”, ar mhúnla “fiarlán”? Ach is dóigh liom go ndéanfaidh fiarlán gnó sa chomhthéacs seo.

    ReplyDelete
  9. 'tonnán' b'fhéidir...

    Macasamhail Proinsias, is mór liom féin na nótaí imill seo uait, a Dennis. Maith thú!

    ReplyDelete
  10. Go raibh maith agat as an nasc sin, a Denis!

    ReplyDelete
  11. Go raibh maith agat as na ceachtanna, óir ní fhéadfainn ciall ar bith a bhaint as na lámhscríbhinní gan iad.

    ReplyDelete
  12. "Fiarlúbarnán”? Ní neart go cur le chéile. -;)

    ReplyDelete