06 Samhain 2009

Gaeilge nó Béarla?



seaman

jab

bail

can

10 comments:

  1. "Can seaman, ionas go mbeadh bail ar an jab agat!" (Féinghuí ársa pholaiteora.)

    ReplyDelete
  2. Ós agatsa é, glacaim leis gur Gaeilge atá ann, agus nasc éigin (nach dtuigim) leis an íomhá.

    Asarlaí atá sa phictiúir, má tá ainm an chomhaid le trust.

    ReplyDelete
  3. This comment has been removed by the author.

    ReplyDelete
  4. Níl nasc aige leis an íomha - faraor. Ba leor é na focail thuas a fháisceadh isteach in abairt éigin!

    Is é "seaman" an uimhir uatha de seamanna", más ann dó.

    Cá bhfeiceann tú comhad?

    B'fhéidir gur sórt anagram an asarlaí é? -;)

    ReplyDelete
  5. Ar a laghad i Firefox, tá ainm le feiceáil thíos ar bhun (sa bharra stádais) má bhogann tú an luch thar an íomhá.

    Creidim gur focla iad a bhaineann le ortha nó a leithéid, gníomhaíochtaí asarlaí.

    Ach níl ansan ach buille faoi thuairim.

    ReplyDelete
  6. Níl an focal 'seaman' le brí 'asarlaí' le fáil sna foclóirí atá agam, ach tá "seamhan" mar síol fearga in O Dónaill agus in Uí Dhuinnín.
    B'fhéidir gur focal nua é, agus 'shaman' is cíall leis? Feicim an focal 'shaman' sa nasc nuair a chuirim an luch thart agus tá Internet Explorer mar brabhsúr agam.
    Is focail Ghaeilge iad "jab, bail, can" ach níl ciall leis na ceithre focal mar abairt.

    ReplyDelete
  7. "Seamanna [ainmfhocal iolra]
    ritheanna cainte; breallaireacht" a bhí i gceist agam.

    Ach feicim anois go bhfuil "seaman" i bhFocal.ie http://www.focal.ie/Search.aspx?term=shaman.

    "Can, a s(h)eama(i)n, ionas go mbeadh bail ar an jab agat!"

    ReplyDelete
  8. Asarlaí atá sa phictiúir
    Is líníocht d'íomhá phailéiliteach ón uaimh Les Trois Frèressa Fhrainc é seo. Le sorcier a thugtar air go coitianta. Creideann a lán scoláire anois gur seaman (shaman) atá ann. Is focal idirnáisiúnta é shaman (a bhfuil sanasaíocht aige a théann siar tríd an tSibéir agus an Áise Láir go dtí an Sanscrait) ach nuair a scríobhtar é de réir litriú na Gaeilge (de réir focal.ie, ar aon nós) céard atá againn ach “seaman”, ainmfhocal nua agus neamhghnách atá comhionann le hainmfhocal seanbhunaithe i mBéarla. Bheinn níos sásta le “seáman” i nGaeilge, déanta na fírinne. Is mar sin a deirim é, agus dhéanfadh an síneadh fada idirdhealú úsáideach ar an dá fhocal sa dá theanga.

    ReplyDelete
  9. Agus na focail eile?

    (Fear beag ramhar is ea seaman dar le mac bain!)

    ReplyDelete
  10. Níl iontu ach focail eile ar an dul céanna: an litriú céanna acu sa dá theanga, ach an-éagsúil ó thaobh na céille de: “jab maith” vs. “a jab in the ribs”, etc. Tá focail eile ann, ar nós “cat” agus “bog” nach gcuirfinn ar an liosta seo.

    ReplyDelete