12 Samhain 2009

Carmina Gadelica



Chuaigh mé amach faoi choinne na nuachtán ar a cúig ar maidin agus chonaic mé an ghealach. Bhí rann (nó ortha nó paidir) ar foluain i m'intinn le seachtain anuas, ó rinne Aonghus tagairt do Carmina Gadelica / Ortha nan Gaidheal ar a bhlag. Tá an píosa beag seo éasca a thuiscint cé go bhfuil sé i nGaeilge na hAlban, ach amháin an focal “àigh”, ginideach de “àgh”. Is ionann “àgh” agus “ádh”, ach ciallaíonn sé “sonas” chomh maith le “rath” in Albain.

Glòir dhuit féin gu bràth,
A ghealach gheal a-nochd.
Is tu féin gu bràth
Lòchrann àigh nam bochd.

3 comments:

  1. Rann breá go deimhin. Grma

    "Chuaigh mé amach faoi choinne na nuachtán ar a cúig ar maidin agus chonaic mé an ghealach"

    A cúig ar maidin?
    Ba chóir go mbeifeá fós go domhan i gcodladh REM!
    An bhfuil tú ag obair ar fheirm!

    ReplyDelete
  2. Dar fíor is éasca, is deas do rann!

    ReplyDelete