13 Samhain 2009

“Is dia mé...”




Am dé .i. am dea delbas do chind codnu .i. tine .

Is dia mé a dhealbhann tine don cheann.

Tá an líne seo ó dhán ar a dtugtar Laoi Amhairghin, a thosaíonn leis na focail “Is gaoth i muir mé”. Tá sé le fáil in Leabhar Ghabhála Éireann. Tá an pictiúr thuas ó Leabhar Laighin (lch. 12b), lámhscríbhinn rí-thábhachtach, cé nach bhfuil an pheannaireacht inti thar mholadh beirte. Tá dhá ghluais le feiceáil anseo, ceann amháin os cionn “dé” agus an ceann eile os cionn “codnu”. Is maith ann an dara ceann, mar is focal neamhghnách é seo.

Tá an t-aistriúchán go Nua-Ghaeilge leis an ollamh P. L. Henry, ón leabhar Saoithiúlacht na Sean-Ghaeilge (1978).

Is í mo neacht Jeska a thóg an grianghraf seo dá pháirtí Justin nuair a bhí siad ag campáil ar an Lost Coast i gCalifornia mí go leith ó shin.

4 comments:

  1. "Is dia mé a dhealbhann tine don cheann"

    Is maith liom é, ach níl tuairim dá laghad agam cad atá i gceist?

    ReplyDelete
  2. Foinse inspioráide (ag file) an gnáth míniú.

    ReplyDelete
  3. Is maith liom an grianghraf...

    ReplyDelete
  4. "Foinse inspioráide (ag file) an gnáth míniú."

    Á, luíonn sin le ciall is dóigh liom.

    ReplyDelete