30 Samhain 2009

séasúr ithecháin



Dar leis an bhfoclóir ar-líne Denshi Jisho, ciallaíonn an focal seo, kuidaore, “bringing ruin upon oneself by extravagance in food”. Is dócha go ndéanfadh “ceas a chur ort féin” gnó i nGaeilge, bíodh is nach bhfuil an abairt seo chomh taibhseach leis an gcoincheap i Seapáinis.

Is oiriúnach an focal é dúinne i Meiriceá anois díreach. Ritheann séasúr an itheacháin (nó an séasúr itheacháin?) anseo ó Lá an Altaithe go Lá Caille, gan stad gan staonadh. Ar mhaith leat píosa chocolate orange brioche? Tá ceann sa chistin.

29 Samhain 2009

An n-íosfá as na soithí seo?



Cliceáil ar an bpictiúr le híomhá níos mó a fheiceáil.

28 Samhain 2009

onchú = draco



Is rídhócha nach bhfuil an focal “onchú” i do léacsacan reatha. Deir FGB gur focal liteartha é a chiallaíonn:
  • Savage beast.
  • Banner (depicting wild beast).
  • Fierce warrior.
Tá mórán an méid céanna le fáil in DIL maidir leis an dara sainmhíniú:

b) a banner or standard, prob. orig. one on which an ‘onchú’ was depicted.

Ní dóigh liom gur gnáth-bhratach a bhí ann, áfach, ach rud eile a bhí an-chosúil le cochall gaoithe (wind sock). Is é an sliocht seo a leanas as leagan Stowe den Táin a thug an smaoineamh seo dom:

“Ro gab Laogh ag griosadh agus ag glámadh Conculainn samlaidh, co ro lion att agus infisi Coinculainn amail linas gaoth onchú óbhél oslaicthi, go n-derna sduaigh n-uathbásaigh n-anaithnidh dhe amail sduaigh nimhi re frais fearthana, agus iondsaigh docum Fir diad mar dremne dreaccan no mar nert n-árcon.”

... gur líon at agus bolgadh Cú Chulainn mar a líonann gaoth onchú bhéal-leathan bhéal-leata...

Séard a fheicim anseo ná cur síos ar an “meirge” atá le feiceáil sa phictiúr thuas (ón Psalterium Aureum, ca. 850). Draco an t-ainm a bhí air. Fuair na Rómhánaigh é ó na Sarmátaigh sa dara haois, de réir an suímh seo. Bhí an ceann béal-leathan déanta as miotal agus an corp draganta as éadach. Líon an ghaoth an corp díreach mar a líonann sí cochall gaoithe. Tá na híomhánna thíos de onchoin le feiceáil ar an gColún Trajana sa Róimh, a críochnadh sa bhliain 113.

Dála an scéil, is féidir leagan nua-aimseartha den onchú a fháil anseo.







27 Samhain 2009

“Black Friday”



Abhus anseo i Meiriceá tugtar Black Friday ar an lá ar lorg Lá an Altaithe. Lá mór siopadóireacht atá ann, mar bíonn a lán earraí ar fáil ar lascaine inniu. Shíl mé riamh gurb aisteach an t-ainm a baisteadh air. Tá laethanta eile ann atá “dubh” i mBéarla, agus tá baint acu uilig leis an stocmhargadh: laethanta ar thit an tóin as, le bheith cruinn: Black Monday, Black Tuesday, etc.

An míniú a théann thart anseo ná go bhfuil an lá seo “dubh” toisc go mbeidh na siopadóirí in the black arís tar éis lá mór seo an díolacháin, má bhí siad in the red roimhe seo. Baintí úsáid as dúch dubh le brabús a thaispeáint, tráth den saol, agus as dúch dearg le haghaidh caillteanais. Níl a fhios agam an bhfuil an meafar seo ar fáil dúinn i nGaeilge.

25 Samhain 2009

ilchruthach


Tá seanlitreachas na Gaeilge lán de shape shifters, daoine nó déithe a ghabh riocht eile orthu féin. Mar shampla:

Ra giult-sa a mbasa os; ra shenaus a mbasa eó, a mbasa rón; a ráth a mbasa cú allaid; imma-rulod a mbasa duine.
(eagrán le John Carey)

Rinne mé a innilt nuair ba fhia mé; rinne mé a shnámh nuair ba bhradán, ba rón mé; a rith nuair ba chú allta mé; shiúil mé é nuair ba dhuine mé.
(Tá ógánach osnádúrtha ag caint le Colm Cille faoi loch a bhí ina thalamh tirim tráth.)

Co n-accat ní iar suidiu batar delba doíne in da ṡinén hísin. Ataciat iar suidiu batir é a ndá muccid. (LL 246b, De Cophur in Da Muccida)

Ansin chonaic siad go tobann go raibh riocht daoine ar an dá fhiach sin. D'aithin siad an dá mhuicí ansin.

Tanautatsom in tsod meic tíre doimairg na bú fair síar. Léicidsom cloich asa tailm co mebaid a súil ina cind. Téite i rricht samaisce maíle derge. (LU 77a, Táin Bó Cúailnge)

Ionsaíonn an mac tíre baineann é agus tiománaíonn sí na ba siar air. Teilgeann seisean cloch as a thailm a bhriseann a súil ina ceann. Téann sí i riocht samhaisce maoile deirge.
(An Mhor-ríon agus Cú Chulainn atá i gceist anseo.)

Ach ní raibh focal againn ar an duine seo go dtí le fíor-dhéanaí, a bhuí le focal.ie. Tá an focal “ilchruthach” le fáil in FGB, ceart go leor, ach níl ann ach aidiacht a chiallaíonn “many-shaped, multiform, polymorphic”.

Agus seo agaibh radharc eile ar an ilchruthachas:



24 Samhain 2009

triúr manach agus tráchtaire



Dúirt an chéad mhanach, “Tá an bhratach ag brataíl.”

Dúirt an dara manach, “Tá an ghaoth ag brataíl.”

Dúirt an tríú manach, an Patrarc Hui Neng (638–713), “Tá an intinn ag brataíl.”

Dúirt an tráchtaire, Wu-men Hui-k’ai (1183-1260), “Tá béil ag brataíl!”

23 Samhain 2009

à chacun ses goûts














Rogha an Dá Chat

Is maith le Michael
pinn, tairní, agus
cipíní itheacháin:
slender stiff objects
de réir rangú
an bhriathair Navajo.
“Nítįįh,” a deir sé,
“tabhair rud atá
tanaí dolúbtha.”

Is maith le Molly
péisteoga, seilidí,
is bandaí rubair:
rudaí a dtéann
an focal rangaithe
tiáo (条) leo i Sínis,
toisc iad a bheith
fada, tanaí, solúbtha
ar nós eascainne.

22 Samhain 2009

Sauve qui peut.



Faichill a thóna féin ar gach fear!

(Is breá liom an nath seo.)

20 Samhain 2009

comhartha an chait



D'fhág Michael nó Molly, níl a fhios agam cé acu, a c(h)omhartha i bpaiste plástair arú aréir. Thóg mé an pictiúr seo sular scrios an tógálaí rian na gcrúcaí is na “méar”. Is maith liom go mór tréanna mar seo. Chum mé an grianghraf thíos i nDeath Valley san earrach:


Agus rinne mé cárta cuairte den íomhá ina dhiaidh sin:



ceist




Más fíor gurb é an dóigh is fearr le blagadóir a chur ina thost ná duais a thabhairt dó, cad é an dóigh is fearr len é a ghríosú chun scríofa arís?

“Is álaind cech nderg.”



Ithim pomagránait,

síol i ndiaidh síl,
gach síol ina sheoid,
gach seoid acu
milis agus géar.

Is leor síol amháin
ar feadh meandair.



Grianghraf den phomagránait atá á ithe agam thuas.

19 Samhain 2009

scéal an dá chaor


Tá caor againn in iarthuascairt Mheiriceá agus Cheanada a dtugtar saskatoonserviceberry uirthi. Tá sí an-chosúil le fraochán, ach tá níos mó síolta inti agus tá blas péitseoga agus fanaile le brath uirthi. Bhí ard-mheas ag na hIndiaigh orthu mar bhia. Cnuasaím cúpla cárt díobh de ghnáth i Mí an Mheithimh. Ar an drochuair ní raibh an toradh go maith i mbliana, ach sin scéal eile.


Tá caor eile ann atá dúchasach don tír seo a dtugtar snowberry uirthi. Tuigtear dom go bhfuil sí le feiceáil i bhfálta ar fud Éireann anois freisin. Is aisteach an planda é. Tá a chaora chomh bán le sneachta, tá siad searbh, agus fanann siad ar na géaga ar feadh an gheimhridh tar éis do na duilleoga titim ar lár. Tá cúpla tom ag fás anseo taobh thiar den teach agus tá na caora an-fheiceálach.


Tá ainm eile ar an gcaor seo: corpse berry. De réir scéalta na ndaoine dúchasach sna bólaí seo, tá gach uile rud bunoscionn san alltar, sa saol eile. Bíonn na daoine thall ina gcodladh de ló agus ina ndúiseacht d'oíche. Tá caora sascatún sa tír sin, ceart go leor. Ach is bán atá siad. Is caora sneachta iad. An t-ainm atá ar na caora sneachta i scéal St'át'imc ná “caora sascatún na ndaoine i dTír na Marbh”. Is maith liom an t-ainm sin. Is álainn na caora iad, ach tá mílí an bháis orthu san am céanna.

16 Samhain 2009

Banbh bocht!



Tráth den saol in Éirinn, bhíodh “setting adrift” in úsáid mar phionós. Seo sliocht as Corpus Iuris Hibernici (v. ii, 744.32-35) :

Duine seo curtar a cliab aenluaiste amach for muir ina cintaib anfoit no inndethbiri torba in airet is leir geilsciath for muir; lon menaidhe aenaidhce lais, 7 geann orda tri ndornd ina laim ac dingbail aithide in mara de.


Cuirtear an duine seo amach ar muir chomh fada agus atá sciath gheal infheicthe, i gcurach le céaslach amháin, de bharr coireanna nó damáiste a rinne sé le faillí. Bíonn lón bia¹ aon oíche leis, agus casúr² ina láimh le héin na mara a ruaigeadh.


1. menadach, praiseach déanta as min agus uisce, le bheith cruinn

2. rud éigin cosúil le casúr, de réir dealraimh; níl an cur síos air ró-shoiléir


15 Samhain 2009

Aramais


Tá ar a laghad dhá fhocal sa Ghaeilge a tháinig ón teanga seo. Tá ceann amháin acu an-chosúil leis an bhfocal Aramaise. Chuir ár sin-sin-sinsir an ceann eile as a riocht níos mó ná míle bliain ó shin. Is é sin, ní bheadh Aramaiseoir (agus tá cúpla duine acu fágtha fós) in ann an dara ceann aithint ar chor ar bith. Tá an dá fhocal seo in úsáid fós. Seo cúpla leid daoibh faoin gcéad cheann.



x

13 Samhain 2009

“Is dia mé...”




Am dé .i. am dea delbas do chind codnu .i. tine .

Is dia mé a dhealbhann tine don cheann.

Tá an líne seo ó dhán ar a dtugtar Laoi Amhairghin, a thosaíonn leis na focail “Is gaoth i muir mé”. Tá sé le fáil in Leabhar Ghabhála Éireann. Tá an pictiúr thuas ó Leabhar Laighin (lch. 12b), lámhscríbhinn rí-thábhachtach, cé nach bhfuil an pheannaireacht inti thar mholadh beirte. Tá dhá ghluais le feiceáil anseo, ceann amháin os cionn “dé” agus an ceann eile os cionn “codnu”. Is maith ann an dara ceann, mar is focal neamhghnách é seo.

Tá an t-aistriúchán go Nua-Ghaeilge leis an ollamh P. L. Henry, ón leabhar Saoithiúlacht na Sean-Ghaeilge (1978).

Is í mo neacht Jeska a thóg an grianghraf seo dá pháirtí Justin nuair a bhí siad ag campáil ar an Lost Coast i gCalifornia mí go leith ó shin.

12 Samhain 2009

noda: e(a)r - n - us


fearannus

Bhain an scríobhaí feidhm as trí nod chun an focal uasaicmeach seo a chur ar phár. “Sealbhú talún / maoin talún” an chiall atá le “fearannas”. Ní sheasann an stríoc ghiorrúcháin do ‘n’ dáiríre. Ní deir sé ach go bhfuil litir nó litreacha ar iarraidh. Ach is ‘n’ atá i gceist níos minice ná a chéile nuair a úsáidtear í. NB: ní leathstad é an comhartha deiridh ach an nod “us”.

an mhí-úsáid a fhulaingíonn...


... ár dteanga ionúin eile, an créatúr:


Bhfuil sampla de Ghaeilge ar fhógra agaibh atá chomh háiféiseach leis an mBéarla seo? Dála an scéil, tá lear mór -- aigéan iomlán! -- de sheoda mar seo anseo.

Carmina Gadelica



Chuaigh mé amach faoi choinne na nuachtán ar a cúig ar maidin agus chonaic mé an ghealach. Bhí rann (nó ortha nó paidir) ar foluain i m'intinn le seachtain anuas, ó rinne Aonghus tagairt do Carmina Gadelica / Ortha nan Gaidheal ar a bhlag. Tá an píosa beag seo éasca a thuiscint cé go bhfuil sé i nGaeilge na hAlban, ach amháin an focal “àigh”, ginideach de “àgh”. Is ionann “àgh” agus “ádh”, ach ciallaíonn sé “sonas” chomh maith le “rath” in Albain.

Glòir dhuit féin gu bràth,
A ghealach gheal a-nochd.
Is tu féin gu bràth
Lòchrann àigh nam bochd.

10 Samhain 2009

bachlóga


Tis the season... Ní féidir iad a sheachaint. Ach is féidir a mblas a mhaolú. Níl ag teastáil ach trí rud: bagún stríocach, figí, agus fínéagar balsamach. (Nach dóigh libh gur leor sin?)


Seo é an t-oideas a fuair mé ón Minimalist:

2 spúnóg mhór ola olóige
4 - 8 unsa bagún stríocach, gearrtha ina phíosaí
punt amháin bachlóga Bhruiséile, gearrtha ina slisní
cupán amháin figí triomaithe, gearrtha ina gceathrúna (agus gearr na gais díobh freisin!)
salann & piobar
2 taespúnóg fínéagar balsamach

1. Cuir an bagún sa fhriochtán leis an ola go mbeidh sé donn.

2. Cuir na bachlóga, na figí, piobar, salann agus ¼ cupán uisce sa fhriochtán, measc go maith, cuir an clúdach orthu, agus ná bain dóibh go mbeidh siad bruite i gceann 5 - 10 nóiméad. Ní bheidh aon leacht fágtha faoin am sin.

3. Measc an fínéagar isteach agus voilà!



“ur” - nod eile


Tá dhá dhóigh leis na litreacha ur a ghiorrú. Tig leis an scríobhaí an litir u a chur os cionn an chonsain, mar atá le feiceáil anseo:

curaid
curadh

Nó tig leis squiggle¹ cosúil le tonntracha a chur os cionn an chonsain:


curaid cétach
curadh céadach


cura sén soraid
gura séan soraidh

1. Cén Ghaeilge atá ar “squiggle”?

09 Samhain 2009

Ná meas scéalaí maith faoina chumas!


Et j'étais
embarqué dans un camion de livraison, et puis j'ai atterri ici.”


07 Samhain 2009

An Ceithearnach Caolriabhach



Lá báistí a bhí ann inné agus thosaigh mé an lá sa leaba, le muga café au lait, dhá nuachtán (NYT agus WSJ), cat amháin (Michael) in aice liom, agus leabhar (athláimhe, cosúil le nua) a fuair mé sa phost an lá cheana: An Ceithearch Caolriabhach. Darach Ó Scolaí a rinne na léaráidí (do dhaoine fásta) agus an t-eagrán nua den scéal i nGaeilge an lae inniu. Chríochnaigh mé an scéal ansin sa leaba agus bhain mé an-phléisiúr as.

Tá seanscéal mar seo cosúil le cairpéad draíochta. Tá cuma chearnógach air. Tá seanphatrúin ann, agus ornáidí cainte a úsáidtear arís is arís i ndóigh rialta, ach le mionathraithe. San am céanna, tá sé ildathach, coimhthíoch, agus lán le lúbanna áiféiseacha. Tá sé de bhua aige tú a iompar isteach i saol eile gan dua dá laghad.

Dála an scéil, ghreamaigh mo shúil d'abairt amháin, ó tá suim ar leith agam i nathanna mar seo:

‘Ní rachaidh,’ arsa an Ceithearnach, ‘óir is mil i mbolg an chrochadora ealaín mhaith ag duine gránna.’

Níl a fhios agam cá bhfuair an Scolach an íomhá seo. Níl mil ná bolg sa bhunleagan a fuair mé in Silva Gadelica:

Ní rachad ar in cetharnach, óir ní bhiad acht mar chrochaire ghránda dhénfadh ealada do dhaoinib maithe.

Is fearr liom an leagan atá san insint nua seo!

06 Samhain 2009

Gaeilge nó Béarla?



seaman

jab

bail

can

an radharc aníos



Cá raibh mé (i mo theach féin) nuair a thóg mé an grianghraf seo?

Major Nidal Malik Hasan, M.D.



Seo é an saighdiúr Meiriceánach a dhúnmharaigh triúr daoine déag inné ag Fort Hood. Is síciatraí é. Dúirt mo mháthair riamh nach raibh “dochtúirí cinn” iontaofa. Deireadh sise go ndeachaigh siad haigneolaíocht toisc go raibh fadhbanna ina n-aigne féin. Is dóigh liom go raibh an ceart aici.

Nóta foclóireachta: tá an focal “inmhuiníne” in De Bhaldraithe, ach níl sé in FGB ná ag focal.ie. Ar an láimh eile, tá sé in úsáid ar fud an idirlín. Maidir le “intrust”, an focal a bhí mé ar tí cur i mbéal mo mháthar, ní fheicim aon áit é, cé go bhfuil mé cinnte go ndeirtear é.

03 Samhain 2009

nod eile: ur / ru



le cur claidem
le cur claimhte
(le claíomhóireacht)



curaid
curaidh



fa cruaid
ba chrua



brugaid
brughaidh

nod eile: ra



Padraig
Pádraig



facrann
ba chrann

Tá an nod seo cosúil le ‘n’ beag, ach is ‘r’ beag atá ann ó cheart.

02 Samhain 2009

B-anna barócacha


Bhí an scríobhaí seo ag cóipeáil téacs dlí ar thosaigh gach paragraf de leis an bhfocal “Blai” (= díolúine, exemption). Bhí deis aige mar sin an cheannlitir B a scríobh 43 uaire! Tá chuile cheann acu difriúil leis na cinn eile. Is léir gur bhain sé sult as an bpeannaireacht seo. Seo agaibh ceithre cinn acu.






breacaireacht



Níl a fhios agam céard ba cheart dom a thabhairt ar an líníocht (?), dearadh (?), breacaireacht¹ (?) seo a chuir an scríobhaí faoi chorp an téacs ar leathanach 74v in Leabhar Mór Leacain. Ní dóigh liom go bhfuil aon bhaint aige, ó thaobh na híocónagrafaíochta de, leis an téacs atá os a chionn (nó ina ucht, nó idir a lámha) : “nā aenar trā an tigearna”. NB gur tiarna saolta atá i gceist anseo, ní An Tiarna. Cuireann sé an bhreacaireacht² thíos, Cloch Chluain Tuaiscirt, i gcuimhne dom. Tá trí bhall i riocht croise fúthu beirt. Agus tá cuma an chuach, a bheag nó a mhór, ar an gcuid uachtarach. Thairis sin, níl teoiric ar bith agam. Ach taitníonn sé liom.

1. doodling
2. carving, engraving

01 Samhain 2009

nod eile: e(a)r



tigerna
tiarna



romer
ró-mhear