28 Samhain 2009

onchú = draco



Is rídhócha nach bhfuil an focal “onchú” i do léacsacan reatha. Deir FGB gur focal liteartha é a chiallaíonn:
  • Savage beast.
  • Banner (depicting wild beast).
  • Fierce warrior.
Tá mórán an méid céanna le fáil in DIL maidir leis an dara sainmhíniú:

b) a banner or standard, prob. orig. one on which an ‘onchú’ was depicted.

Ní dóigh liom gur gnáth-bhratach a bhí ann, áfach, ach rud eile a bhí an-chosúil le cochall gaoithe (wind sock). Is é an sliocht seo a leanas as leagan Stowe den Táin a thug an smaoineamh seo dom:

“Ro gab Laogh ag griosadh agus ag glámadh Conculainn samlaidh, co ro lion att agus infisi Coinculainn amail linas gaoth onchú óbhél oslaicthi, go n-derna sduaigh n-uathbásaigh n-anaithnidh dhe amail sduaigh nimhi re frais fearthana, agus iondsaigh docum Fir diad mar dremne dreaccan no mar nert n-árcon.”

... gur líon at agus bolgadh Cú Chulainn mar a líonann gaoth onchú bhéal-leathan bhéal-leata...

Séard a fheicim anseo ná cur síos ar an “meirge” atá le feiceáil sa phictiúr thuas (ón Psalterium Aureum, ca. 850). Draco an t-ainm a bhí air. Fuair na Rómhánaigh é ó na Sarmátaigh sa dara haois, de réir an suímh seo. Bhí an ceann béal-leathan déanta as miotal agus an corp draganta as éadach. Líon an ghaoth an corp díreach mar a líonann sí cochall gaoithe. Tá na híomhánna thíos de onchoin le feiceáil ar an gColún Trajana sa Róimh, a críochnadh sa bhliain 113.

Dála an scéil, is féidir leagan nua-aimseartha den onchú a fháil anseo.







6 comments:

  1. Marach Loch na hOnchon i gCill Mhantáin, ní bheadh. Píosa eile dea oibre uait. Ceann arbh fiú a bhuanú?

    ReplyDelete
  2. Suimiúil, a Dennis.
    Cá áit a bhfuair tú an dá ghrianghrafanna thíos faoi do scéal?
    Cuireann an 'onchú' an t-ainmhí a chuir na Lochlannaigh ar chinn a mbád agus ar chuaillí i gcuimhne dom.
    Ach níor bratacha iad na hainmhithe sin; bhí siad déanta d'adhmad go hiomlán.

    ReplyDelete
  3. Loch na hOnchon
    Feicim gur “ainm neamhdheimhnithe” é de réir logainm.ie. Bhí Onchú mar ainm ar chúpla “naomh” fadó, agus tá Cill Onchon i gCo. Luimní de réir dealraimh.

    @ Liz - Fuair mé iad ó Íomhánna Google. Bheinn caillte gan é!

    ReplyDelete
  4. Is beag ainm atá deimhnithe - sé mo thuiscint go gcaithfear ordú logainmneacha a rith faoi shéala an Aire chun é a dheimhniú. Agus níl Cill Mhantáin ar bharr an liosta, agus mion ghnéithe síos go maith ar liosta na tosaíochtaí.

    Caithfidh mé tochailt a dhéanamh. Sílim go bhfaca mé lorg scéil faoi seo áit éigin. Tá cosán oilithreachta go Gleann Dá Loch a théann gar don Loch. (Tá loch saorga - Turlough Hill - ar bharr an chnoic uaidh anois, agus aibhléis a ghineadh ann)

    ReplyDelete
  5. Más maith libh seanleabhair (agus is léir gur maith), seans go mbeadh suim agaibh sa suíomh iontach seo: http://www.codexsinaiticus.org/en/
    Fiú mura bhfuil focal Gréigise agaibh, tá aistriúcháin ann.
    Bhíodh nodanna (giorrúcháin) sa Ghréigis, mar a bhíodh sa Laidin is sa Ghaeilge fadó, is léir.

    ReplyDelete
  6. Feicim gur bhain siad úsáid as stríoca giorrúcháin os cionn na litreacha.

    ReplyDelete