29 Iúil 2009

tonn teasa



“Tá sé te!” i Lushootseed, teanga dhúchasach an cheantair a bhfuil Seattle suite ann, Puget Sound. Tá sé níos mó ná te anseo faoi láthair. Tá sé an-te, thar a bheith te: 96F inné, brothallach agus gan leoithne gaoithe ag leathuair tar éis a cúig nuair d'éirigh mé ar maidin inniu, agus 102F sa réamháisnéis don lá. Ní raibh sé riamh níos teo ná 100F anseo.

Ní bheadh an teocht seo as an ngnáth i Sacramento nó i Phoenix, gan trácht ar Phalm Springs. Ach murab ionann agus na háiteanna sin, ní bhíonn aerchóiriú sna tithe anseo. Níl againne sa teach seo ach geolán san fhuinneog. Ach tá an t-áth orainn mar sin féin: tá leaba bhreise againn san íoslach, mar a mbíonn sé réasúnta fionnuar. Murach sin, bheinn caillte!

5 comments:

  1. Bhí sé fionnuar anseo i mBellingham ar maidin inniu, ag a seacht a chlog nuair a d’fhág mé an teach agus thosaigh ar mo shiúl leath-mhíle go stad an bhus. Tá aerchoiriú san oifig agus bhíomar réasúnta compordach ansin.
    Ag a dó a chlog, nuair a shiúil mé amach as an oifig, bhuail an teas m’aghaidh. Bhí sé 95 inniu, an teocht is airde ó thosach na tomhas céim teochta sa chathair seo.
    Tá taifead teochta againn ó 1905.

    ReplyDelete
  2. 103F (39C) a bhí againn ag a cúig a chlog anseo i Seattle. Sin "record" nua.

    (Ní maith liom an focal curiarracht taobh amuigh de chúrsaí spóirt, ach níl focal eile agam. Is dóigh liom gurb ionann "taifead" agus "record = cuntas scríofa". Dála an scéil, cé a chum an focal "curiarracht" agus cathain?)

    Bhí Cliff Mass, meitéareolaí ag an ollscoil a bhfuil blag aige faoin aimsir, an-tógtha faoin teas seo. Dúirt sé:

    "Ballads will be written about the heat experienced today.”

    Sin mar a bhíonn gíceanna na haimsire. :-)

    ReplyDelete
  3. Rud mar 'cuntas scríofa' a bhí i gceist agam nuair a scríobh mé 'taifead'. Is cathair nua í Bellingham agus thosaigh na daoine anseo cuntas scríofa a dhéanamh ar na teochta tuairim is céad bliana ó shin.
    Tá sé rí-dheacair obair a dhéanamh sa teas seo. Cuireann sé Hong Kong is Guam i gcuimhne dom, ach cuireann sé báisteach beagnach gach lá sna háiteanna sin i rith an tsamhraidh agus tugtar faoiseamh do na daoine mar sin.

    ReplyDelete
  4. Aha. Feicim an úsáid a bhain tú as "taifead". Gabh mo leithscéal. Tá an abairt sin an-soiléir. Cuirfidh mé an milleán ar an teas seo. ;-) Tá sé tar éis uibheacha scrofa a dhéanamh as m'inchinn.

    ReplyDelete
  5. Seolaigí cuid den teas sin aniar anseo - is mór a theastaíonn sé! Tá sé ina bháisteach ón lá, trí seachtainí ó shin, ar chuala mé saoi na haimsire (ó Ghallaras, Corca Dhuibhne) a rá go mbeadh an chuid eile den samhradh go hálainn grianmhar anseo in Éirinn. B'fhéidir gur Seattle a bhí i gceist aige....

    ReplyDelete