29 Iúil 2009

abairt ón Auraicept


Seo abairt ó Auraicept na nÉces a thaitníonn liom.


Bhíos ar tí í a trascríobh daoibh mar is iondúil. Ach tá a fhios agam gur maith le cuid agaibh tomhasanna. Seo leid: tosaíonn an abairt leis an nod “7” (= &) agus ina dhiaidh sin tá ceithre fhocal inti.

7 comments:

  1. Feicim an méid seo:

    7 MRA IA OEN AIPGITH.

    Ach is ar éigean is féidir liom a creidiúint gur scríobh fear naofa a leithéid san anallód! ;-)

    ReplyDelete
  2. "...a chreidiúint..." mar as scríobhtar inniu...

    ReplyDelete
  3. Tuigim anois é: (brí mheafarach, b'fhéidir)

    Ní hé lá an sciorrtha lá an scríofa!

    ReplyDelete
  4. "Auraicept na n-Éces"

    "7th century, the text is the first instance of a defence of vernaculars, defending spoken Gaelic over Latin"

    Nach aisteach an rud é ach déarfainn nach bhfuil a fhios ag 99.999% de mhuintir na tíre seo go bhfuil a leithéid de scríbhinn ann.
    Níor chuala mé faoi go dtí anois.

    ReplyDelete
  5. Is minic a bhíonn an diabhal sna minimí sna lámhscríbhinní seo. "Minim" an t-ainm atá ar an stríoc gairid ingearach atá sna litreacha m, n, i, etc.

    Sa chás seo, tá trí mhinim díreach tar éis 7 (= ocus / agus). Ní "m" atá iontu, áfach, ach "ni". Má bhreathnaíonn tú go cúramach ar an bpictiúr thuas, feicfidh tú trasmhír (serif) bheag ar an tríú minim, rud a chiallaíonn gur litir nua atá inti.

    Tosaíonn an sliocht seo: "Ocus ní..."

    Fanfaidh mé go fóill leis an gcuid eile a thabhairt daoibh. Is féidir go mbeidh Liz nó duine eile in ann adhmad a bhaint as.

    ReplyDelete
  6. ni sai?? cen aipgitir

    Nílim cinnte den dara focal fós agus caithfidh mé imeacht. Coinne leis an bhfidléir Sualannach agus ansin go dtí an oifig.

    ReplyDelete
  7. Maith thú!

    7 ni saiti cen aipgitir/aipgitri

    = ocus ní saíthi cen aipgitir/aipgitri

    = agus ní saoithe gan aibítir/aibítrí = ní bhíonn saoithe ann gan...

    Tá an nod deireanach, 'i' os cionn 't', débríoch. D'fhéadfadh sé seasamh do 'tri' nó do 'tir'. Bíonn an débhríocht chéanna ann i gcónaí nuair a chuirtear guta os cionn consain, ach de ghnáth is consan-r-guta ('tri' sa chás seo) seachas C-G-r ('tir') atá i gceist. Is mar "aipgitri" a léigh Calder é ina eagrán. Is fearr liomsa san iolra é freisin. Ní leor aibítir amháin!

    ReplyDelete